Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fiosrú faoi chorp mná sna 20í atá faighte in Uíbh Fhailí

16 NOVEMBER 2026, 11:24

An ghraí i Suí an Róin inar fritheadh corp na mná
X Facebook

Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí faoi chorp mná atá faighte i gCo Uíbh Fhailí.

Fritheadh marbh an bhean - a bhí thart ar 25 bliain d'aois - i gcró ar ghraí ar chiumhais Shuí an Róin ar an R491.

Tuairiscítear nach raibh aon ghaol ag an mbean le úinéirí na graí.

Tá a corp tugtha ó shin go hOspidéal Réigiúnda Thulach Mhór le go ndéanfar scrúdú iarbháis.

Deir Peter Ormond, Comhairleoir Condae de chuid Fhianna Fáil sa gceantar, go bhfuil muintir na háite craite, suaite ag an scéala.

Ag Aifreann Cuimhneacháin na Bliana i Séipéal Naomh Muire a scaip eolas faoin tubaiste a dúirt sé agus ceaptar nach de bhunú na háite í an bhean atá básaithe.

Dúirt an Comhairleoir Ormond gur mhaith leis an drochscéal a chásamh le muintir agus le cairde na mná.

Iarrtar ar éinne a bhfuil aon eolas acu glaoch ar Bheairic na Gardaí i mBiorra ar 057 916 9710 nó ar an líne rúnda 1800 666 111.