Tá bean sna 40í gafa faoi eachtra an tseachtain seo caite inar gortaíodh seisear déagóirí tar éis do charr a ghabháil suas ar chosán i nDún Laoghaire i mBaile Átha Cliath.
Ar shráidbhaile siopaí ar Bhóthar Oilibhéir Pluincéid ar Fheirm Bhaile na Manach a tharla sé thart ar a 3 a chlog tráthnóna Dé Domhnaigh an 8ú Samhain.
Gortaíodh triúr buachaillí agus triúr cailíní, idir 13 agus 15, agus b'éigean iad ar fad a thabhairt chuig Ospidéal Shráid an Teampaill nó Ospidéal Chroimghlinne le cóir leighis a fháil.
Tá triúr acu scaoilte abhaile ó shin.
Tá an bhean á ceistiú i mbeairic i réigiún thoir na tíre.
Deir na Gardaí go bhfuil Oifigeach Sinsearach Fiosrúcháin ceaptha le tabhairt faoin gcás agus go bhfuil Oifigeach Idirchaidrimh do Theaghlaigh ceaptha freisin acu.


