Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Deireadh le tionscadal taighde Ollscoil na Gaillimhe le Technion

17 NOVEMBER 2026, 18:32

Ollscoil na Gaillimhe
X Facebook

Sinéad Ní Neachtain

Tá sé fógraithe ag Ollscoil na Gaillimhe ar maidin go bhfuil an Ollscoil ag éirí as an tionscadal taighde ar a dtugtar 'Asterisk' - a raibh siad páirteach ann in éineacht le hInstitiúid 'Technion' in Iosrael.

Chuir Uachtarán na hOllscoile an tOllamh David Burn an méid seo in iúl do fhoireann na hOllscoile ar maidin.

Bhain conspóid mhór le ról na hollscoile sa dtogra seo atá á mhaoiniú ag an gCoimisiún Eorpach.

Tá an togra ag iarraidh bealaí a aimsiú le hidrigín a tháirgeadh as uisce sáile.

Tá institiúidí tríú leibhéal eile páirteach sa togra, Institiúid 'Technion' in Iosrael ina measc.

Professor David J Burn University of Galway President
Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh David J.Burn

Thug Comhghuallaíocht i gcoinne Cinedhíothú in Ollscoil na Gaillimhe faoi agóidí ag iarraidh ar an ollscoil an nasc le 'Technion' a bhriseadh.

Go dtí seo, bhí sé ráite ag an ollscoil nach raibh siad in ann tarraingt amach as an togra áirithe de bharr oibleagáid chonartha agus go raibh comhairle dlí faighte acu ina leith sin.

I ráiteas inniu, deir Uachtarán na hOllscoile go dtagann an cinneadh seo sna sála ar rannpháirtíocht shuntasach le hoifigigh san Eoraip, le comhghleacaithe san Ollscoil, agus le piaraí in institiúidí eile Eorpacha.

Deir sé freisin go bhfuil an cinneadh seo curtha in iúl go foirmiúil acu don Choimisiún Eorpach agus do na comhpháirtithe eile sa tionscadal araon.

"Cuireann sé i bhfeidhm chomh maith gealltanais a thug mé, nuair a thosaigh mé i mo ról mar Uachtarán, gur tosaíocht í an cheist seo agus go mbreathnóinn ar bhealaí le hí a réiteach. Ba chóir breathnú ar fhógra an lae inniu freisin sa chomhthéacs nach bhfuil aon mheicníocht dlí ann chun deireadh a chur, go haontaobhach, le ról ceannais i dtionscadal taighde Fís Eorpach, ná le rannpháirtíocht leanúnach institiúidí Iosraelacha in Fís Eorpach tríd an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus Iosrael."

Sa ráiteas céanna, rinne an t-uachtarán athdhearbhú ar an ngealltanas a tugadh roimhe seo nach gceadófar agus nach n-aontófar aon chomhaontuithe nua taighde institiúideacha lena mbaineann comhpháirtithe Iosraelacha. Diúltaíodh comhpháirtíochtaí féideartha dá réir seo.

Rinne an tUachtarán caineadh arís ar an gcinedhíothú i stráice Gaza; "athdhearbhaímid ár luachanna mar institiúid; agus athdhearbhaímid an t-aitheantas a thugaimid don diongbháilteacht agus do dhoimhne na mothúchán inár bpobal".

Anuraidh dhiúltaigh triúr glacadh le céim oinígh ón ollscoil - an staraí an tOllamh Kerby A. Miller, an léiritheoir agus aisteoir Olwen Fouéré, an déantóir scannán Margo Harkin mar agóid in aghaidh naisc na hollscoile le hinstitiúid teicneolaíochta in Iosrael.

Thug an léiritheoir scannán agus an gníomhaí síochána, Lelia Doolan a céim oinígh ar ais don ollscoil chomh maith leis an ngníomhaí agus ealaíontóir, Margaretta D'Arcy.