Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

An tUachtarán ag fáiltiú roimh chinneadh Ollscoil na Gaillimhe

17 NOVEMBER 2026, 19:14

An tUachtarán Catherine Connolly
X Facebook

Tá fáilte curtha ag an Uachtarán Catherine Connolly roimh chinneadh Ollscoil na Gaillimhe deireadh a chur lena comhpháirtíocht le hinstitiúid teicneolaíochta in Iosrael.

Ina céad agallamh teilifíse do 7Lá ar TG4, dúirt an tUachtarán gur léirigh an feachtas a reachtáil foireann agus mic léinn na hollscoile, a d'éiligh go gcuirfí deireadh leis an gconradh conspóideach "an chumhacht atá ag daoine ar an talamh".

D'fhógair Ollscoil na Gaillimhe ar maidin go raibh siad ag tarraingt amach as an tionscadal taighde conspóideach le Technion, a bhfuil ceangail acu le tionscail arm Iosrael.

Mhol an tUachtarán iad siúd a bhí páirteach sa bhfeachtas agus dúirt sí go seasann sí leo agus le daoine eile atá ag feachtasaíocht ar son na Gaeilge agus ar son tithíochta sa Ghaeltacht.

"An teachtaireacht atá uaimse ná go bhfuil an chumhacht agaibh leanúint ar aghaidh. Tá mé ag seasamh libh agus dúirt mé sin le linn an fheachtais. Déanfaidh mé mo dhícheall an méid is féidir liom a rá agus a dhéanamh, go háirithe chun spotsolas a dhíriú ar an obair atá ar bun ar an talamh''.

An Phalaistín

Maidir leis an seasamh láidir atá ag muintir na tíre i gcoinne Iosrael, dúirt an tUachtarán Connolly nach nglacann sí leis an tuairim go bhfuil seasamh frith-Ghiúdach ag Éirinn.

"Ní bhaineann an frása sin, frith-Ghiúdach, linne mar thír. Ní bhaineann. Ó thaobh ár staire féin de, tá tuiscint ar leith againn nuair atá daoine faoi chois. Tá sé ráite ag an Rialtas go bhfuil cinedhíothú i gceist sa Phalaistín. Ní féidir le muintir na tíre cur suas leis agus ní mór dúinn ár nguthanna a úsáid chomh minic agus is féidir linn."

Dúirt Catherine Connolly go raibh dualgas uirthi labhairt amach faoi chás na Palaistíne agus go raibh "gealltanas sollúnta" tugtha aici go leanfadh sí uirthi ag labhairt amach faoin cheist.

Dúirt sí nach raibh aon rogha aici ach mianta an phobail a chur in iúl agus labhairt amach faoina rudaí atá thar a bheith tábhachtach do mhuintir na tíre agus go raibh "cúrsaí síochána" agus "caitheamh le daoine le dignít" i measc na rudaí sin.

Maidir le cuairt oifigiúil a thabhairt ar an bPalaistín, dúirt an tUachtarán Connolly nach raibh aon chuairt socraithe aici agus go raibh comhairle faighte aici gan taisteal ann de bharr go raibh sé róchontúirteach.

"Bhí sé ar bharr mo liosta nuair a toghadh mé. Thug siad cuireadh dom go minic le linn m'fheachtais. Tá sé ró-chontúirteach anois, sin an chomhairle atá faighte agam, ach beidh mé ag dul go dtí an Iordáin ag tús mhí na Nollag agus buailfimid le teifigh ansin."

An Ghaeltacht agus an Ghaeilge

Dúirt an tUachtarán go raibh imní uirthi i gcónaí faoi staid na Gaeltachta agus gur spreag comóradh céad bliain an Choimisiúin Gaeltachta í chun an tionscnamh Bliain na Gaeilge a reáchtáil. Ba é an Coimisiún sin a thug aitheantas don Ghaeltacht den chéad uair.

Dúirt sí gur léir cé chomh leochaileach is a bhí an Ghaeltacht nuair a bunaíodh í céad bliain ó shin agus go raibh an scéal amhlaidh sa lá atá inniu ann.

Dúirt an tUachtáran go mbíonn "éadóchas uirthi fós" faoin easpa dul cinn atá á dhéanamh maidir le polasaithe agus stráitéisí don Ghaeilge a chur i bhfeidhm.

"Níl mé ag déanamh neamhaird den méid atá ag teastáil ó thaobh cúrsaí tithíochta agus ó thaobh cúrsaí oiliúna agus na hagóidí uilig ó thaobh an easpa oideachais [lán-Ghaeilge] sa dara leibhéal agus easpa oideachas [trí Ghaeilge] ag leibhéal na hollscoile.

Dúirt sí gur ceisteanna don rialtas iad agus go raibh dóchas aici den chéad uair faoin athrú meoin atá sa tír i leith na Gaeilge.

Éire Aontaithe

Maidir le hÉire Aontaithe, dúirt an tUachtarán go raibh sí ag tnúth agus ag súil le hÉire Aontaithe agus go dtapódh sí gach deis le labhairt faoin tsíocháin agus faoi Éire Aontaithe.

Dúirt sí gur léir di óna cuairteanna a thug sí ar an Tuaisceart nach bhfuil daoine ag iarraidh filleadh ar fhoiréigean d'aon chineál.

"Dóchas an mothúchán ba mhó a bhí agam nuair a d'fhág mé gach contae sa Tuaisceart. Níl sé éasca síocháin a chothú. An rud is dóchasaí, ceapaim, ná nach bhfuil formhór na ndaoine ag iarraidh dul ar ais. Tá na fadhbanna céanna acu is atá againne anseo."

An inimirce agus an bhochtaineacht

Agus í ag labhairt faoin inimirce, dúirt Catherine Connolly go raibh fadhbanna tromchúiseacha sa tír ó thaobh cúrsaí tithíochta agus seirbhísí de.

Dúirt sí go raibh sé riachtanach dul i ngleic leis na fadhbanna sin ionas nach bhfágfaí bearna a d'fhéadfadh daoine áirithe a gcuid tuairimí a úsáid chun dochar a dhéanamh.

Dúirt an tUachtarán go ngoilleann sé uirthi go bhfuil an oiread sin bochtaineachta sa tír agus gur thug sí suntas don líon mór bancanna bia a mbíonn daoine ag brath orthu ar fud na tíre.

"Cuireann sin isteach orm, banc bia i dtír shaibhir."

Dúirt sí go raibh na réitigh ar an talamh agus go raibh an t-airgead ann chun dul i ngleic leis na fadhbanna.

Dúirt sí gur cheart éisteacht leis an bpobal atá ag obair ar an talamh agus atá ag léiriú an bhealaigh chun dul i ngleic leis na fadhbanna sin.

Donald Trump

Agus í ag trácht ar an gcuairt a thug Donald Trump ar Éirinn, dúirt an tUachtarán go raibh sé deacair ar go leor leibhéal.

Dúirt sí nach raibh sé deacair fáilte chroíúil a chur roimhe, ach nach ionann fáilte a chur roimhe agus aontú leis.

Dúirt sí nár chuir sé aon leisce uirthi a tuairimí faoin gcinedhíothú a chur in iúl dó, agus a rá nach féidir glacadh leis an gcinedhíothú riamh agus go bhfuil bealaí eile ann.

Dúirt sí go raibh sí sásta gur thapaigh sí an deis an teachtaireacht sin a chur in iúl dó.

An Glas Triarach agus an Neodracht

Maidir leis an nGlas Triarach, dúirt an tUachtarán nach bhféadfadh sí éalú óna tuairimí faoin gceist, tuairimí a chuir sí in iúl go minic nuair a bhí sí ina Teachta Dála agus ina Leas-Chathaoirleach.

Dúirt sí nach síníonn sí aon Bhille gan é a léamh, gan é a phlé lena foireann agus gan é a léamh arís.

Dúirt sí go ndéanfadh sí an rud céanna nuair a thiocfadh an Bille os a comhair.

Dúirt sí, áfach, gurb é bun agus barr ról an Uachtaráin ná a mheas an bhfuil aon choimhlint idir Bille agus an Bunreacht, agus go bhfuil an ról sin teoranta.

Dúirt an tUachtarán Catherine Connolly go raibh imní mhór uirthi faoin mBille um Chosaint Idirnáisiúnta 2026, a shínigh sí ina dhlí i mí Aibreáin na bliana seo.

Dúirt sí gurbh í an chomhairle a fuair sí ag an am ná ligean do chás cúirte na sonraí a shoiléiriú seachas díriú ar an gcoincheap féin. Dúirt sí, áfach, nach bhféadfadh sí éalú óna tuairimí féin agus go raibh na tuairimí céanna aici fós.

Dúirt an tUachtarán gur rud thar a bheith tábhachtach í neodracht na tíre, ach go dtugann sí stádas d'Éirinn mar thír bheag freisin chun a guth a úsáid ar an ardán idirnáisiúnta.

Dúirt sí go dtuigeann muintir na tíre cúrsaí cóilíneachais, coimhlinte agus mí-úsáide cumhachta, agus gur cheart d'Éirinn a guth a úsáid ar chúrsaí idirnáisiúnta.

Cháin sí a laghad airgid atá á infheistiú san obair ar son na síochána agus dúirt gur údár imní an bhéim atá á cur ar atharmáil agus ar chaiteachas míleata.

"Is suarach an t-airgead atá ag dul i dtreo na síochána i ndáiríre," a dúirt sí.

Craolfar an t-agallamh seo a rinne an tUachtarán Connolly le Máirín Ní Ghadhra ar an gclár 7Lá ar Chainéal TG4 ag 2000 anocht.