Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Leithscéal gafa ag ospidéal i lár tíre as bás cailín óg

18 NOVEMBER 2026, 17:32

Ghabh Ospidéal Réigiúnach an Mhuilinn gCearr leithscéal tráthnóna inniu le teaghlach Willow Trimble
X Facebook

Tá tuismitheoirí cailín dhá bhliain d'aois, a fuair bás in Ospidéal Réigiúnach an Mhuilinn gCearr in 2023 tar éis di a bheith tugtha isteach agus fiabhras agus ráta croí an-ard uirthi, tar éis a rá gur fhág a bás "a saol briste ina mhilliún píosa".

Ghabh Ospidéal Réigiúnach an Mhuilinn gCearr leithscéal tráthnóna inniu le teaghlach Willow Trimble. Chuala an Ard-Chúirt go bhfuair sí bás de bharr athlasadh chroí agus cuisle an-ard, rud a tharla de bharr an víris choitinn RSV a bheith tolghtha aici.

Dúirt a dlíodóirí nach ndearnadh monatóireacht cheart ar an gcaiín tar éis di a bheith tugtha chuig an ospidéal tráthnóna an 15 Nollaig 2023. Chomh maith leis sin, bhí "moilleanna do-mhínithe" ann maidir le tástáil ECG a dhéanamh chun monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht an chroí.

Fuair sí bás an mhaidin dár gcionn.

Dúradh sa chúirt go mbeadh Willow tar éis maireachtáil dá n-aistreofaí in am í chuig Children’s Health Ireland i gCromghlinn i mBaile Átha Cliath.

I leithscéal a léadh sa chúirt, dúirt Bainisteoir Ospidéal Réigiúnach an Mhuilinn gCearr, Margaret Kelleher, gur ghabh sí a leithscéil ó chroí agus gan choinníoll as an gcúram a cuireadh ar fáil do Willow le linn di a bheith san ospidéal.

Dúirt sí go raibh aiféala mór ar an ospidéal nár cuireadh ar fáil an caighdeán cúraim a bhí sí féin agus a teaghlach i dteideal a fháil.

Dúirt an tUasal Kelleher go dtuigeann sí nach féidir le haon leithscéal an brón atá ar ar mhuintir Trimble a cheasú.

Dúirt sí freisin gur mhaith léi go mbeadh a fhios acu go raibh scúdú cúramach déanta ar na ceachtanna a d’eascair as an gcúram a fuair Willow, agus é mar aidhm acu tragóid den chineál céanna a chosc sa todhchaí.

Ag labhairt dóibh lasmuigh den chúirt, dúirt tuismitheoirí Willow, Sarah agus Richard Trimble, as Ceann na gCat i gContae na hIarmhí, go raibh a saol briste ina mhilliún píosa.

"Ba é an 16 Nollaig 2023 an lá a briseadh ár saol ina mhilliún píosa. Shiúil muid isteach in Ospidéal an Mhuilinn gCearr lenár gcailín beag álainn, Willow, agus níos lú ná 24 uair an chloig ina dhiaidh sin, d’imigh muid amach gan í," a dúirt an tUasal Trimble.