Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Margadh déanta ag RA leis an AE

20 NOVEMBER 2026, 16:12

Cruinniú Mullaigh AE agus Ríocht Aontaithe
X Facebook

Tá an Ríocht Aontaithe i ndiaidh a chur in iúl go bhfuil margadh déanta aige leis an Aontas Eorpach (AE) i dtaca le gluaiseacht na n-óg, easportáileacha bia agus an trádáil ar astaíochtaí carbóin.

Táthar ag leanacht ar aghaidh le breis idirbheartaíocht sa Bhruiséal ar nithe eile, táillí ollscoile san áireamh.

An comhaontú is tábhachtaí atá sroichte inniu is ea an ceann ar a dtugtar an SPS.

Ceann díobh is ea na seiceálacha ar phlandaí agus sláinte ainmhithe.

Sin iad na caighdeáin a bhíonn ag an AE ar tháirgí bia isteach sa mhargadh aonair.

Mar thoradh ar sin uilig beidh ar an mBreatain feidhmiú faoi rialacha agus faoi dhlíthe sábháilteachta bia An Aontais Eorpaigh.

Tuigtear áfach nach dtiocfaidh sé seo i bhfeidhm go Márta 2028 ar a luaithe.

Athraíonn sé seo uilig na téarmaí faoin gComhaontú Breatimeachta agus deirtear anois go mbeidh an saol níos fábharaí do chomhlachtaí beaga bia sa Bhreatain atá ag iarraidh a bheith ag trádáil le tíortha san AE.

Tá sé breis is 10 mbliana ó shin ó vótáil móramh de phobal an Ríochta Aontaithe i Reifreann nach mbeadh an tír mar bhall a thuilleadh den AE.

'Nóiméad stairiúil' atá tugtha ag Príomh Aire na Breataine, Andy Burnham ar an socrú, ag rá go 'dteastaíonn margadh níos fearr leis an AE ón RA, ní an Breatimeacht crua a tháinig as an gcéad shocrú'.

Deir Uachtarán Choimisiún na hEorpa,Ursula von der Leyen gur socrú thar a bheith rathúil atá sa cheann a rinneadh inniu.