Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Ardú ar tháillí bus á phlé

20 NOVEMBER 2026, 15:59

Ardú ar tháillí bus á phlé
X Facebook

Dúirt Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí go mbeidh an t-ardú atá pleanáite a chur ar tháillí bus go scoláirí meánscoile á phlé acu le tuismitheoirí agus le caomhnóirí as seo go ceann cúpla lá.

Tá cáineadh láidir déanta ag páirtithe an fhreasúra ar an gcinneadh an táille go scoláire amháin a ardú ó €100-€350 sa mbliain ó mhí Mheán Fómhair.

Ardú €220-€650 atá i gceist do theaghlach iomlán.

Laghdaíodh táillí bus scoile i 2022 mar chuid de bheartais dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála ag an am.

Ach teastaíonn ón Rialtas filleadh ar na táillí a bhí i bhfeidhm i 2021.

Tá cáineadh láidir déanta ag páirtithe an fhreasúra ar an gcinneadh na táillí bus scoile a ardú.

Tá páirtí Sinn féin ag iarraidh go ndéanfadh coiste na cuntas poiblí fiosrúchán faoi seo.

D'fhógair an Rialtas gur táillí sealadacha atá ann faoi láthair a tugadh isteach mar gheall ar an gcostas maireachtála 2022.

Deir sé freisin go mbeidh an córas iompair scoile i bhfad níos éifeachtaí de thoradh an ardaithe seo.

Bhí an t-ardú ar tháillí bus scoile fógraithe sa mbuiséad an mhí seo caite.

Dúirt an Tánaiste Simon Harris nach bhfuil sé i gceist aige dul siar ar an ardú atá pleanáilte don chéad scoilbhliain eile.