Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Éileamh ar fhiosrúchán ó dheas faoi bhuamáil na hÓmaí

20 NOVEMBER 2026, 18:09

An scrios agus an marú i mbuamáil na hÓmaí á bhfiosrú
X Facebook

Dúirt gaol agus cara le beirt bhuachaillí óga as Dún na nGall, a maraíodh i mbuamáil na hÓmaí, go bhfuil sé de dhualgas ar Rialtas na hÉireann fiosrúchán poiblí a reachtáil maidir lena mbásanna.

Bhí Oran Doherty, a bhí ocht mbliana d'aois, agus Shaun McLaughlin, a bhí 12 bliain d'aois arbh as Bun Crannacha dóibh i measc an 29 duine a maraíodh san ionsaí a rinne easaontóirí poblachtánacha ar an 15 Lúnasa 1998.

D'fhreastail an bheirt bhuachaillí ar an scoil chéanna agus bhí cónaí orthu ar an tsráid chéanna, achar gairid ón reilig ina bhfuil siad curtha.

A composite of Omagh bombing victims Oran Doherty and Shaun McLaughlin
Oran Doherty (ar chlé) agus Shaun McLaughlin

Bhí siad ar thuras scoile le chéile nuair a cuireadh deireadh lena saol óg de bharr an bhuama cairr sin a phléasc go gairid i ndiaidh a 3 a chlog ar an tráthnóna Satharn sin.

Tá sé curtha in iúl ag fiosrúchán de chuid na Ríochta Aontaithe atá ar siúl i mBéal Feirste go raibh gníomhaire a bhí ag obair don Gharda Síochána mar chuid den ghrúpa a thug an buama go dtí an baile ar an lá grianmhar sin.

Is é Norman Baxter, príomh-cheannfort ar scor a bhí i gceannas ar imscrúdú an PSNI ar an ionsaí, a dúirt an méid sin.

Ina fhianaise don fhiosrúchán faoi mbumáil atá ar siúl í mBéal Feiriste dúirt Norman Baxter go raibh foinse a bhí ag obair don Gharda Síochána agus do MI5 páirteach i mbuamáil na hÓmaí.

Mhaígh sé freisin nár roinneadh faisnéis faoi ionsaí a bhí ar tí tarlú leis na póilíní i dTuaisceart Éireann, agus thug sé le fios go raibh sceitheoir á chosaint.

Is col ceathrar le hOran é Gerard McLaughlin, agus bhí sé ina dhlúthchara le Shaun; bhí cónaí air ar an tsráid chéanna chomh maith.

Bhí obráid éigeandála chun a bheatha a shábháil ag teastáil óna dheartháir óg tar éis dó gortuithe tromchúiseacha a fháil sa bhuamáil. Oibríonn Gerard anois mar chúntóir riachtanas speisialta i Scoil Íosagáin, an bhunscoil i mBun Cranncha ar fhreastail siad uile uirthi.

"Le coicís anuas, le gach rud atá tagtha chun solais, tá siad [na gaolta] thar a bheith éadóchasach ag an bpointe seo," a deir sé.

Bhí cuid mhór de na sonraí ar eolas cheana féin: go ndearnadh an carr a úsáideadh san ionsaí a ghoid ó dheas den teorainn, go ndearnadh an buama ansin, agus gur fhill na marfóirí thar an teorainn ar ais tar éis dóibh an fheithicil — agus an t-ualach marfach a bhí inti — a fhágáil ina háit.

Ach chuir an líomhain go raibh gníomhaire de chuid na nGardaí i gceist an-iontas air, agus deir sé gur bhain an t-eolas sin siar as tuismitheoirí na mbuachaillí.

Maíodh freisin le seachtainí beaga anuas, an oíche roimh an mbuamáil, gur cuireadh glaoch rabhaidh ar Champa Finner d'Arm na hÉireann i gContae Dhún na nGall faoi ionsaí.

Chríochnaigh an glaoch leis na focail: "An Ómaigh, An Ómaigh, An Ómaigh" – ach níor cuireadh an rabhadh sin ar aghaidh chuig na póilíní i dTuaisceart Éireann.

Mar thoradh ar an líomhain faoi rannpháirtíocht gníomhaire stáit, scríobh aturnae a dhéanann ionadaíocht ar roinnt de na teaghlaigh a chaill gaolta sa bhuamáil chuig an Taoiseach, ag éileamh go dtabharfadh an Rialtas gealltanas fiosrúchán poiblí ó dheas a reáchtáil.

Tá sé ráite go soiléir ag Micheál Martin nach bhfuil sé sin i gceist aige faoi láthair; deir sé go gcaithfear fanacht go mbeidh an fiosrúchán sa Ríocht Aontaithe críochnaithe.

Dúirt Rúnaí Thuaisceart Éireann, Chris Bryant, inné go gcreideann sé go bhfuil sé "beagnach dochreidte" nach reáchtálfadh Rialtas na hÉireann a fhiosrúchán féin.

Ach níl aon ghealltanas tugtha chun é sin a dhéanamh, agus deir gaolta na ndaoine a maraíodh nach bhfuil sé sin sásúil.

Deir an tUasal McLaughlin go bhfuil dualgas morálta agus dlíthiúil ar Rialtas na hÉireann na líomhaintí a fhiosrú.

"Má tá sé ag obair do na Gardaí, tá sé ag obair do Stát na hÉireann. Mar sin, caithfidh Stát na hÉireann freagraí a thabhairt ar na ceisteanna a theastaíonn ó na teaghlaigh," a dúirt sé.

"Le fírinne a rá, chuirfeadh sé fearg orm. Saoránaigh den Stát seo a bhí sna buachaillí seo; mar sin, tá tú ag súil go seasfaidh an Rialtas agus ceannairí an Stáit seo an fód, agus go ndéanfaidh siad an rud ceart duitse mar shaoránach, agus do na tuismitheoirí seo mar shaoránaigh den Stát seo.

Tá an fhearg chéanna ar Claire Hayes, bean atá tar éis feachtas a dhéanamh le fada an lá ar son fiosrúchán comhthreomhar nó ar leith ar an dá thaobh den teorainn. Tá sí tar éis a rá go mbeadh sí sásta bualadh leis an Taoiseach chun a cuid imní a phlé

Maraíodh a deartháir, Alan Radford, a bhí 16 bliana d’aois, san ionsaí a rinneadh ar an mbaile a raibh cónaí air ann.

Tá sí an-mhíshásta freisin leis an leibhéal comhoibrithe atá tugtha ag Rialtas na hÉireann d'fhiosrúcháin sa Ríocht Aontaithe.