Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Aighneas faoin mbreosla iontaise ag COP31

21 NOVEMBER 2026, 13:43

Aighneas faoin mbreosla iontaise ag COP31
X Facebook

Tá an baol anois ann a deirtear nach dtiocfar ar aon chomhréiteach ag na cainteanna aeráide thall sa Tuirc.

Tá argóint mhór ann maidir lenar cheart aon tagairt a dhéanamh don bhreosla iontaise in aon socrú a dhéanfar ag teacht le chéile an COP31 mar a thugtar air.

Tá lá breise tugtha do na cainteanna atá ar siúl in Antalya agus a bhí in ainm críochnú inné.

Níl ach dréachtcháipéis amháin de thoradh an chruinnithe seo; tá sé sin dréachtaithe ó arú inné agus níl aon tagairt déanta don bhreosla iontaise.

Tá an Arab Shádach agus tíortha Arabacha eile ag iarraidh gur mar sin a fhanfaidh cúrsaí, ach tá tíortha an Aontais Eorpaigh (AE) ag iarraidh go mbeadh tiomantas éigin ann nach mbeifí ag brath chomh mór céanna ar an mbreosla iontaise sa todhchaí.

Tuigtear go bhfuil tíortha an AE aontaithe ar sep agus go bhfuil suas le 130 tír eile ag seasamh leo.

Ina measc seo tá náisiúin oileánda chomh maith le tiortha i Meiriceá Láir agus Theas, san Aigeán Ciúin agus san Afraic.

D'fhéadfadh sé tarlú anois go ndiúltódh tíortha an AE aon mhargadh a shíniú d'uireasa geallúint éigin go laghdófaí an úsáid ar bhreosla iontaise.

Tá Aire Aeráide na tíre seo,Darragh O'Brien thall ag na cainteanna agus deir seisean gur measa an droch-mhargadh ná a bheith gan aon mhargadh.

Gheall tíortha ag Comhdháil COP28 i Dubai 3 bliana ó shin go mbeadh siad ag tabhairt droim láimhe diaidh ar ndiaidh don chóras fuinnimh a bhíonn ag brath ar bhreosla iontaise, siad sin gual,ola agus gás.

Ach deirtear gurb iad na tíortha sa bhloc Arabach atá ag cur a gcosa i dteannta anois i dtaca leis seo.