Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Ochtar eile ar a laghad maraithe san Úcráin

21 NOVEMBER 2026, 13:58

Scrios mór déanta i Cív
X Facebook

Deir Uachtarán na hÚcráine Volodymr Zelensky gur tháinig a thír aréir faoi cheann de na sraith ionsaithe ba thréine ón Rúis ó thosaigh an cogadh seo beagnach 5 bliana ó shin.

Maraíodh ochtar ar a laghad agus gortaíodh a thrí oiread sna hionsaithe seo.

Maraíodh seisear díobh sin sa phríomh-chathair Cív nuair a scaoileadh diúracáin le 3 dhroichead ar Abhainn an Dnipro, rud a d'fhág cursaí tráchta ar an bhfaraor géar.

Maraíodh beirt eile i gcathair Lviv in iarthar na tíre.

Áirítear gur scaoileadh suas le 400 drón agus breis is 100 diúracán sna hionsaithe seo thar oíche aréir.