Tá an t-iriseoir iomráiteach David McKittrick tar éis bháis.
Bhí sé 77.
Chuir pobal na hÉireann, idir thuaidh agus theas aithne mhaith ar an Uasal McKittrick ó thús na seachtóidí ar aghaidh a bhuíochas dá chuid iriseoireachta ar na trioblóidí ó thuaidh.
Chomh maith lena chuid altanna i nuachtáin éagsúla anseo, sa Tuaisceart agus sa Bhreatain chuir sé peann le pár freisin ag saothrú leabhair.
I measc an tsaothair sin bhí 'Lost Lives' a chuir sé le chéile i dteannta údair eile agus a rinne cur síos ar shaol an bhreis is 3,600 duine a chaill a mbeatha le linn na dtrioblóidí sa Tuaisceart.
Bhí sé ina leathbhádóir freisin ag an iriseoir Éamon Mallie agus iad ag saothrú an leabhair 'The Fight for Peace'.
Leabhair eile a raibh dlúthbhaint aige leo ba ea 'Endgame in Ireland' agus 'Making Sense of the Troubles’,
Ba mhinic é le cloisteáil freisin ar chláracha raidió ar RTÉ.


