Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

An tAire Sláinte ag tacú le briseadh Anne O'Connor as a post

23 NOVEMBER 2026, 13:46

Dúirt Jennifer Carroll MacNeill nach bhféádfadh sí a rá cén fáth ar briseadh Anne O'Connor as a post
X Facebook

Dúirt an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill gur thacaigh sí le briseadh Anne O'Connor as a post mar Phríomhfheidhmeannach a Seirbhíse Sláinte.

Ar RTÉ Radio 1, ag am lóin, dúirt an tAire go bhfuair sí amach oíche Shathairn go rabhthas le deireadh a chur le conradh fostaíochta Anne O'Connor agus gurb é Bord na Feidhmeananchta Sláinte a chuir ar an eolas í.

"Sin an uair a fuair mé fógra foirmeálta faoi," a dúirt sí.

Dúirt Jennifer Carroll MacNeill nach bhféádfadh sí a rá cén fáth ar briseadh Anne O'Connor as a post mar gur bhain an cinneadh le Bord Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Dúirt sí chomh maith nach bhféadfadh sí a rá an ndearnadh socrú airgid le Anne O'Connor.

Caithfidh Bord na Feidhmeannachta Sláinte éirí as - Cumann na nDochtúirí Comhairleacha

Tá iarrtha ag Cumann na nDochtúirí Comhairleacha go n-éireodh Bord Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte as a gcuid cúraimí i bhfianaise a gcinnidh Anne O'Connor a chur as a post.

Dúirt an Cumann gur cinneadh urghnách é Anne O'Connor a bhriseadh agus go bhfuil siad ar aon tuairim le vóta "mímhuiníne" Cumann na nAltraí agus na mBan Cabhrach sa Bhord.

Aontú ag iarraidh an tAire Sláinte a thabhairt i láthair Choiste Sláinte

Tá scríofa ag ceannaire an pháirtí Aontú Peadar Tóibín chuig Cathaoirleach Choiste Sláinte an Oireachtais ag iarraidh go n-iarrfaí ar an Aire Sláinte agus ar iar-Phríomhfheidhmeannach na Seirbhíse Sláinte Anne O'Connor teacht i láthair an Choiste.

Dúirt Peadar Tóibín go gcaithfear seo a dhéanamh "chun trédhearcacht agus soiléireacht a chur ar fáil faoin ghéarchéim san Fheidhmeannacht Sláinte."