Tá buachaill tar éis é féin a chur ar fáil do na Gardaí atá ag fiosrú eachtra bóthair inár maraíodh fear i gCo. Mhaigh Eo Dé hAoine seo caite.
Maraíodh an fear a bhí ina chuid seascaidí nuair a bhuail gluaisrothar é i Sráid Mhic Dhiarmada i mBéal an Átha thart ar a 9.30 oíche Aoine.
Níor fhan tiománaí an ghluaisrothair ar an láthair.
Bhásaigh an fear in ospidéal Ollscoile Mhaigh Eo i gCathair na Mart
I ráiteas inniu dúirt na Gardaí go ndeachaigh ógánach fir chuig stáisiún Gardaí sa chontae i gcuideachta a thuismitheora agus gur ceistíodh é faoin eachtra.
Tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine a bhí i gcomharsanacht Pháirc na Trócaire (nó Taobh na Páirce mar a thugtar air go háitiúil), Sráid Mhic Dhiarmada idir an 9:00 agus 9:30pm Dé hAoine 20 Samhain teagmháil a dhéanamh leo.
Is mian leo labhairt le daoine a bhí ar an bhóthar agus le daoine a cheap taifeadadh de rothar streachailte ar cheamara gluaisteáin nó ar cheamara dorais an oíche sin.


