Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Polasaí faoi shuíocháin neamh-shannta athraithe ag Ryanair

23 NOVEMBER 2026, 15:25

Ní dhéarfaidh Ryanair le paisinéirí nár íoc as suíochán ar leith cá mbeidh siad ina suí go dtí trí huaire an chloig roimh am imeachta
X Facebook

Tá cosaint déanta ag Ryanair ar athruithe a rinne siad le déanaí maidir le suíochán a shannadh do phaisinéirí nár íoc as suíocháin ar leith dá n-eitilt.

Tá sé de pholasaí ag an aerlíne anois gan a rá le paisinéirí nár íoc as suíochán ar leith, cá mbeidh siad ina suí go dtí trí huaire an chloig roimh am imeachta, seachas nuair a sheiceálfaidh siad isteach.

Dúirt Ryanair go bhfuil siad á dhéanamh seo le tuilleadh ama a thabhairt do phaisinéirí ar mian leo a rogha suíochán a roghnadh.

"Fuair muid roinnt gearán i rith an tsamhraidh nach raibh paisinéirí in ann a rogha suíochán a chur in áirithe ar lá a n-eitilte de bharr go raibh an suíochán tugtha amach cheana féin do phaisinéirí eile 24 uair a chloig roimh am imeachta," a dúirt Ryanair.

Dúradh sa ráiteas gur "cuma le paisinéirí a roghnaíonn suíochán 'fánach gan táille,' cén áit a suífidh siad. Déanfar nuashonrú ar a bpas bordála go huathoibríoch idir trí agus ceithre huaire an chloig roimh am imeachta, i bhfad sula mbainfidh siad an t-aerfort nó a ngeata imeachta amach."

Dúirt Ryanaire gurb í an aerlíne a shocraíonn cén tam a shannfar na suíocháin fhánacha nach bhfuil táille orthu.