Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Beirt fhear gafa faoi ionsaí tine ar theach i bPort Láirge

23 NOVEMBER 2026, 15:50

Maraíodh Kim agus Phillip English, chomh maith lena mbeirt mhac Callum agus Jayden san ionsaí. Bhásaigh mac eile Elliot san osipdéal ó shin.
X Facebook

Tá beirt fhear gafa ag na Gardaí atá ag fiosrú ionsaí tineadh inár maraíodh cúigear de theaghlach amháin i bPort Láirge i mí Dheireadh Fómhair.

Bhásaigh Kim agus Phillip English, chomh maith lena mbeirt mhac Callum (12) agus Jayden, (9) nuair a lasadh tine ina dteach i gcathair Phort Láirge go luath maidin an 13 Deireadh Fómhair.

Fuair mac eile, Elliot English a bhí sé bliana d'aois, bás in ospidéal na Leanaí i gCromghlinn ar an 6 Samhain de bharr gortuithe a bhain dó san ionsaí chéanna.

Deir na Gardaí gur ghabh siad beirt fhear ina gcuid fichidí agus "amhras ann go raibh siad páirteach nó go raibh baint acu le gníomhartha eagraíocht choiriúil idir an 1 Bealtaine 2024 agus an 23 Samhain 2026."

Táthar á gceistiú i stáisiún Gardaí Phort Láirge faoi Alt a 50 den Acht um Dlí Choiriúil 2006.

Tugadh beirt eile a gabhadh an mhí seo caite os comhair Chúirt Dúiche Phort Láirge roimhe seo - ba iad siúd Jessica Dalton, (31) as cathair Phort Láirge agus Cian Stacey (21) nach bhfuil aon seoladh buan aige.