Tá téarmaí príosúin gearrtha ar mháthair agus ar a mac as bhí páirteach i gcíréibeacha sa Bhaile Meánach i gCo. Aontroma i samhradh na bliana anuraidh.
Tugadh le fios i gcúirt Aontroma inniu go raibh Tracy Kane (51) agus a mac Kelvin Kane (32) as an Bhaile Meánach, i gceannas nuair a chuaigh ógánaigh i mbun scrios agus loitiméireachta ar an bhaile i mí an Mheithimh 2025.
Is ar dhaoine de bhunadh na Filipíne agus na Bulgáire a bhí na hionsaithe dírithe.
Dúirt an Breitheamh Peter Irvine go ndearna Tracy Kane níos mó ná cabhrú lena mac mar gur thionscain sí cuid mhaith de na heachtraí agus gur thaispeáin sí dá mac na tithe ar cheart díriú orthu.
San fhíseán a chuir Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann ar fáil, tá an mháthair agus a mac le feiceáil ag ionsaí tithe agus maoine.
Dúradh leis an chúirt gurb é Kelvin Kane a d'eagraigh agus a thionscain na círéibeacha a bhí dírithe ar thithe a raibh eachtrannaigh ina gcónaí iontu.
Gearradh téarma ocht mbliana ar Kelvin Kane - beidh air an leath chuid den téarma a chaitheamh sa phríosún agus an leath eile ar ceadúnas.
Seo an téarma is faide a gearradh go dtí seo mar gheall ar na círéibeanna sin.
Ceithre bliana a gearradh ar a mháthair agus caithfidh sise a leath sa phríosún.
Dúirt an PSNI gur hionsaíodh póilíní agus gur gortaíodh go leor acu nuair a caitheadh buamaí peitril, blocanna troma agus tinte ealaíne leo.
"Tá súil againn go stopfaidh an físeáin seo daoine atá ag smaoineadh ar dhul i mbun clampair, foréigin nó i mbun iompair fuathmhar," a dúirt an PSNI.


