SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL SPÓRT SCEIDEAL CÚLA4 TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS GLAS VEGAS IMEALL NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM CEOL AR AN IMEALL FEIRM FACTOR GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 NA CLOIGNE Ó BHEARNA GO CARNA ROS NA RÚN
SARAH GHRIALLAIS PÁIDÍ MAC GEARAILT GEARÓIDÍN BHREATHNACH JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ MÁIRE NÍ CHÉILEACHAIR ÉAMON Ó DONNCHADHA ÁINE UÍ CHEALLAIGH JOSIE SHEÁIN JEAIC ÉILÍS NÍ CHINNÉIDE MÁIRTÍN TOM SHEÁNÍN CORMAC Ó hAODHA TREASA NÍ MHIOLLÁIN SEÁN MAC CRAITH MÁIRE NÍ CHOILM MÁIRTÍN MAC  DONNCHADHA CAITLÍN NÍ CHUALÁIN
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 

CORPARÁIDEACH - NUACHT RÁITIS

 
 
 


LUCHT FÉACHANA IONTACH LÁ 'LE PÁDRAIG 2009

Éileamh mór ar Chluichí Ceannais na gClub

Thuill beochraoladh lá 'le Pádraig ar an gCluiche Ceannais Chraobh Club AIB lucht féachana ollmhór d0 TG4. Léiríonn na figiúirí a d'eisigh AMG Nielsen an miosúr oifigiúil ar lucht féachana teilifíse in Éirinn, go raibh 250,000 duine ag féachaint ar na cluichí ceannais peile inar thug Na Crócaigh/Cill Mhochuda an chraobh leo in aghaidh Raonaithe Chrois Mhic Lionnáin sa pheil agus inar thug Port Omna an lá leis ar De la Salle sa iomáint.

D'fhéach 1.1m duine ar TG4 uair éigin i rith an lae agus bhí scair fhéachana náisiúnta 8.4 % ag TG4 don lá ina iomláine agus ba leor sin lena chur sa tríú ait san ord tosaíochta náisiúnta laethúil teilifíse den chéad uair riamh.

Deir Ceannasaí TG4, Pól Ó Gallchóir, go bhfuil ríméad air faoi na figiúirí féachana seo. "Tá cáil ar chlúdach an chainéil ar na cluichí Gaelacha," a dúirt sé "agus is léir go bhfuil gean agus meas ar leith ag an bpobal chun freastal air don Fhéile Náisiúnta."

Breis Eolais:
Pádhraic Ó Ciardhae - TG4 - (087) 2657689

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER