Baile » Cláir » Scannáin ar TG4

Scannán: White Lightnin'

Dé Céadaoin, Bealtaine 22 @ 23:35

(2009) Is iad Edward Hogg, Carrie Fisher agus Stephanie Astalos-Jones na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Dominic Murphy. Scannán é seo faoi Jesco White nó The Dancing Outlaw mar is fearr aithne air as West Virginia. Ba leaid óg trioblóideach a bhí i Jesco agus ba mhinic é i scoil do chiontóirí óga. Mhúin a athair, D-Ray, damhsa sléibhe dó le haghaidh é a choinneáil ar bhóthar a leasa agus nuair a cailleadh é, shocraigh Jesco a chuid bróg táirní a bhualadh air agus seónna a chur ar siúl fud fad Mheiriceá.

An Western: Western Union

Dé hAoine, Bealtaine 24 @ 21:35

(1941) Robert Young, Randolph Scott agus Dean Jagger na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Fritz Lang. Fostaíonn Edward Creighton, atá i gceannas ar línte teileagraf an oirthir a cheangal le línte an iarthair, iar-eisreachtaí as an iarthar agus suirbhéir as an oirthear nach bhfuil aon chur amach aige ar an obair.

Le Film: Happy Times (OS)

Dé hAoine, Bealtaine 24 @ 23:55

(2000) Lihua Dong, Bensahn Zhao agus Jie Dong na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Yimou Zhang. Fear é Zhao nach bhfuil aon phost aige agus a bhfuil an-suim aige bean a fháil le pósadh. Castar bean air sa deireadh a bhí pósta cheana agus a bhfuil beirt chlainne aici. Ní bheidh sise sásta é a phósadh go mbeidh post aige agus go dtabharfaidh sé bainis mhór ghalánta di. Ligeann sé air féin go bhfuil sé ina bhainisteoir ar óstán galánta!

Scannán: Oscar and Lucinda

Dé Sathairn, Bealtaine 25 @ 21:15

(1997) Ralph Fiennes, Cate Blanchett agus Ciarán Hinds na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Gillian Armstrong. Scéal bunaithe sna 1800idí. Is sagart óg Anglacánach é Oscar nach n-oireann saol an tsagairt dó. Is cailín óg as an Astráil i Lucinda atá ar bís go mbeidh níos mó saoirse ag mná na hAstráile, atá coinnithe faoi chois ag na fir. Castar an bheirt ar a chéile ar bhád atá ar an mbealach chuig an Astráil. Ní ghlacann daoine leo ar chúiseanna éagsúla agus socraíonn siad dul ag obair as lámh a chéile.

Scannán: Little House on the Prairie

Dé Domhnaigh, Bealtaine 26 @ 15:30

1974 Dráma. Melissa Gilbert, Michael Landon agus Melissa Sue Anderson na príomhaisteoirí faoi stiúir Michael Landon. Seo é an chéad chlár den tsraith teilifíse. Clár faoi mhuintir Ingalls a d fhág Wisconsin le dul go iarthar Mheiriceá le saol níos fearr a bhaint amach dóibh féin.

Share |

Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith