SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM ANAMNOCHT DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ
 

IN STUDIO - GLAS VEGAS

 

Logo - Glas Vegas

Éireoidh le hiomaitheoir amháin gradam sheaimpín Ghlas Vegas a bhaint amach agus taisteal chuig príomhchathair na siamsaíochta, Las Vegas, deis roinnt de na scabhtaí tallainne is mó le rá i Meiriceá a mhealladh.

Beidh 13 clár sa tsraith ina mbeidh na céadta ar an ardán agus iad go léir ag súil gurb iadsan an chéad réalta mór eile i saol na siamsaíochta. Beidh amhránaithe, ceoltóirí, damhsóirí, cleasghleacaithe, fuirseoirí agus draíodóirí, i measc go leor eile, ag déanamh a míle ndícheall dul i bhfeidhm ar na moltóirí.

Chuaigh buaiteoirí na sraitheanna roimhe seo de Ghlas Vegas go Las Vegas. Chas Shannon Reilly, amhránaí ó Dhún Dealgan agus Moneeka Mukerjee, freangálaí ó Chorcaigh, le scabhtaí tallainne i Vegas. Tá sé beartaithe ag Shannon filleadh ar Las Vegas chun tuilleadh plé a dhéanamh maidir lena bhfuil i ndán di.

BUAITEOIRÍ 2009 - GO DTÍ SEO

 

 

Beidh moltóirí nua páirteach... Beidh Fiachna Ó Braonáin, ón ngrúpa The Hothouse Flowers linn chun a thaithí siamsaíochta a roinnt linn. Beidh Evelyn O’Rourke, craoltóir agus leathbhádóir Gerry Ryan, linn agus ní leagfaidh sí fiacail ann ó thaobh na moltóireachta de. Tá Tom Ó Brannagáin ar ais linn don tsraith seo agus ní bheidh sé féin ag leagan fiacail ann ó thaobh na moltóireachta de ach oiread.

Tá sé i gceist ag Tom leanúint lena mhacántacht agus is cinnte go gcuirfidh sé colg ar roinnt daoine le linn na sraithe. Is í Gemma Ní Chionnaith a bheidh ag cur na sraithe i láthair.

Dé Domhnaigh @ 20:30
Athcraoladh Dé Máirt @ 23:45 / TG4 BEO

Gemma and Judges

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER