Traenáil & Forbairt
Ag Scríobh don Scáileán
Scéim Forbartha Scríbhneoirí agus Scéalaithe Gaeltachta
 
 
An Cúrsa
Tá an cúrsa seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeltachta atá ag plé le scríbhneoireacht i gcoitinne, na taibhealaíona,  drámaíocht stáitse, nó filíocht agus a bhfuil suim acu dul i muinín a gcruthaitheacht agus saibhreas teanga a chur i dtreo scríbhneoireacht don scáileán.  Tá súil go spreagfaidh an cúrsa seo tuiscint & taithí i measc scríbhneoirí Gaeltachta i dtreo na meán. Cuirfear fáilte roimh iarratais ó scríbhneoirí a bhfuil Gaeilge ó dhúchas acu agus atá fréamhaithe i bpobail Ghaeltachta. 
Tabharfaidh an cursa bunús do na rannpháirtithe sna gnéithe a bhaineann le scríobh don scáileán – idir cumadh scéal, forbairt carachtéirí agus scríobh scripte. Thar tréimhse 6 cheardlanna, ina mbeidh aoichainteoirí idirnáisiúnta agus meantóireacht aonair do na scríbhneoirí, agus deis pitseála le TG4, tabharfar faoi script ghearrscannáin a fhorbairt.
Is scéim í seo atá á rith ag TG4,  le tacaíocht ó Gréasán na Meán Skillnet agus i gcomhar le Ealaín na Gaeltachta, le scríbhneoirí Gaeltachta a spreagadh agus a fhorbairt le scríobh don scáileán.
 
Leagan Amach an Chúrsa
Díreoidh gach ceardlann ar treoir agus ar obair phraiticiúil bunaithe ar na scripteanna atá á bhforbairt.
Ceardlann 1 – Ag scríobh scripte: scéal, carachtair, struchtúr, comhrá agus seánraí.
Ceardlann 2 – Forbairt smaointe na rannpháirtithe i dtreo scannán.
Ceardlann 3 – Plé le céad dréacht Scripte (meantóireacht, aoichainteoirí srl)
Ceardlann 4 – Plé le dara dréacht Scripte (meantóireacht, aoichainteoirí srl)
Ceardlann 5 – Ag forbairt i dtreo léiriú & margaíocht scripte.
Ceardlann 6 – Athscríobh agus oiriúint don bpróiseas léiriúcháin.
 
 
Torthaí an Chúrsa
Ag deireadh na 6 ceardlanna, beidh taithí phraiticiúil ag na rannpháirtithe ar na gnéithe a bhaineann le scríobh don scáileán.  Beidh tuiscint ar na gnéithe atá ag teastáil le scéal a fhorbairt don scáileán agus beidh gearr script scríofa acu don scáileán.
 
CÉIM 2:
As na scripteanna a bheidh forbartha le linn na 6 ceardlanna, roghnófar 2 script le forbairt tuilleadh agus cuirfear Eagarthóir Scripte ag obair i bpáirt leis an Scríbhneoir don chéim seo.
 
Ionad
Beidh an cúrsa á rith in ionad lárnach.    Beidh roinnt de na ceardlanna ar líne.
 
 
Teagascóir:  Greg Ó Braonáin
Is scríbhneoir agus teagascóir le taithí na mblianta é Greg Ó Braonáin.  Tá ós cionn 30 bliain caite aige mar scríbhneoir scáileán.  Chaith sé blianta fada mar scríbhneoir agus mar Eagarthóir Scripte ar Ros na Rún agus tá fad scannáin, gearrscannán agus cláracha idirnáisiúnta scíofa aige as béarla agus Gaeilge.  Tá taithí na mblianta ag Greig mar oiliúnaí agus mar mheastóir scríbhneoireachta.
 
Eagarthóirí Coimisiúnaithe TG4:  Deirbhile Ní Churraighín & Máire Ní Chonláin
Tá Deirbhile Ní Churraighín & Máire Ní Chonláin ina Eagarthóirí Coimisiúnaithe in TG4.  Is iad atá freagrach as an coimisiúnú drámaíochta do scéim CINE4 mar aon le scéim mhaoinithe do gearr – drámaíocht, Tús agus Céim Eile agus drámaíocht theilfíse. Tá tréimhsí caite acu beirt mar Eagarthóirí Coimisiúnaithe ar Ros na Rún agus is iad a bhí i mbun Eagarthóireachta ar scannáin mar An Cailín Ciúin, Arracht agus an sraith drámaíochta CRÁ.
Is as Gaeltacht Thír Chonaill í Deirbhile agus ó Chonamara do Mháire Ní Chonláin.
 
 
IARRATAIS
Le iarratas a dhéanamh, seol litir iarratais agus físeán gearr taifeadtha ar an bhfón chun tú féin a chur in aithne ag insint blúire beag fút féin, maraon le sampla de ábhar scríofa agat cheanna (mar shampla – dráma, nó lúibín, nó agallamh beirte nó píosadh próis nó filíochta)
Seol isteach go scribhneoiri@tg4.ie
Roimh 15ú Nollaig