Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Traenáil & Forbairt


 

Ag Scríobh don Scáileán

Scéim Forbartha Scríbhneoirí agus Scéalaithe Gaeltachta


 
An Cúrsa

Tá an cúrsa seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeltachta atá ag plé le scríbhneoireacht i gcoitinne, na taibhealaíona, drámaíocht stáitse, nó filíocht agus a bhfuil suim acu dul i muinín a gcuid cruthaitheachta agus a saibhreas teanga agus tá súil go spreagfar i dtreo a bheith ag scríobh don scáileán iad agus go dtabharfar léargas agus tuiscint dóibh ar na meáin. Fáilteofar roimh iarratais ó scríbhneoirí a bhfuil Gaeilge ó dhúchas acu agus atá fréamhaithe i bpobail Ghaeltachta.
Tabharfaidh an cúrsa seo bunús do na rannpháirtithe sna gnéithe a bhaineann le bheith ag scríobh don scáileán – idir chumadh scéalta, fhorbairt carachtar agus scríobh scripteanna. Tabharfar faoi script do ghearrscannán a fhorbairt le linn 6 cheardlann a áireoidh aoichainteoirí idirnáisiúnta, meantóireacht duine le duine do na scríbhneoirí, agus deis do ghearrscannán féin a phitseáil le TG4.

Is scéim í seo atá á reáchtáil ag TG4, le tacaíocht ó Ghréasán na Meán Skillnet , i gcomhar le Údarás na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta, ar mhaithe le scríbhneoirí Gaeltachta a spreagadh agus a fhorbairt le bheith ag scríobh don scáileán.
 

Leagan Amach an Chúrsa
Díreoidh gach ceardlann ar threoir agus ar obair phraiticiúil bunaithe ar na scripteanna atá á bhforbairt.
Ceardlann 1 – Script a Scríobh: scéal, carachtair, struchtúr, comhrá agus seánraí.
Ceardlann 2 – Smaointe na Rannpháirtithe a Fhorbairt i dtreo Scannáin.
Ceardlann 3 – Ag Plé leis an gCéad Dréacht den Script (meantóireacht, aoichainteoirí srl)
Ceardlann 4 – Ag Plé leis an Dara Dréacht den Script (meantóireacht, aoichainteoirí srl)
Ceardlann 5 – An Script a Fhorbairt i dtreo an Léirithe & na Margaíochta.
Ceardlann 6 – Athscríobh na Scripte lena cur in Oiriúint don Phróiseas Léirithe.
 


 
Torthaí an Chúrsa
Ag deireadh na 6 gceardlann, beidh taithí phraiticiúil ag na rannpháirtithe ar na gnéithe a bhaineann le bheith ag scríobh don scáileán. Beidh tuiscint acu ar na gnéithe atá ag teastáil chun scéal a fhorbairt don scáileán agus beidh script ghearr scríofa acu don scáileán.
 


 

CÉIM 2:
Roghnófar 2 script lena bhforbairt tuilleadh as na scripteanna a fhorbrófar le linn na 6 gceardlann. Beidh Eagarthóir Scripte ag obair i bpáirt leis an Scríbhneoir don chéim seo.
 

Ionad

Beidh an cúrsa á reáchtáil in ionad lárnach. Beidh roinnt de na ceardlanna ar líne.
 

Teagascóir: Greg Ó Braonáin

Is scríbhneoir agus teagascóir é Greg Ó Braonáin a bhfuil taithí na mblianta aige. Tá os cionn 30 bliain caite aige ag scríobh don scáileán. Chaith sé blianta fada ina scríbhneoir agus ina Eagarthóir Scripte ar Ros na Rún agus tá fadscannáin, gearrscannáin agus cláracha idirnáisiúnta scríofa aige i mBéarla agus i nGaeilge. Tá taithí na mblianta ag Greg ina oiliúnaí agus ina mheastóir scríbhneoireachta.
 

Eagarthóirí Coimisiúnaithe TG4: Deirbhile Ní Churraighín & Máire Ní Chonláin

Is Eagarthóirí Coimisiúnaithe iad Deirbhile Ní Churraighín agus Máire Ní Chonláin i TG4. Is iad atá freagrach as an gcoimisiúnú drámaíochta don scéim CINE4 mar aon leis na scéimeanna maoinithe do ghearrscannáin drámaíochta, Tús agus Céim Eile agus drámaíocht don teilifís. Tá tréimhsí caite acu beirt ina nEagarthóirí Coimisiúnaithe ar Ros na Rún agus is iad a bhí i mbun Eagarthóireachta ar scannáin ar nós An Cailín Ciúin, Arracht agus an tsraith dhrámaíochta CRÁ.
Is as Gaeltacht Thír Chonaill Deirbhile agus is as Conamara Máire.
 


 
IARRATAIS

Le hiarratas a dhéanamh, seol litir iarratais agus físeán gearr atá taifeadta ar fhón chun tú féin a chur in aithne. Inis beagán dúinn fút féin agus cuir sampla d’ábhar atá scríofa agat cheana chugainn (dráma, lúibín, agallamh beirte nó píosa próis nó filíochta mar shampla).

Seol d’iarratas chuig scribhneoiri@tg4.ie roimh an 4 Nollaig