Traenáil & Forbairt
Intéirn CÚLA4
Scéim Intéirneachta Bliana de chuid TG4 do chéimithe nó do tosaitheoirí le CÚLA4
Iúil 2026 – Iúil 2027
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó thosaitheoirí nó ó chéimithe ollscoile chun tréimhse bliana a chaitheamh ar intéirneacht i TG4 i mBaile na hAbhann.
Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
Is deis é seo do dhuine atá ag tosú amach san earnáil físe agus atá ag iarraidh taithí phraiticiúil a fháil chun cur leis an oiliúint atá faighte acu go dtí seo. Íocfar tuarastal le linn na bliana seo agus beidh deiseanna oiliúna breise ar fáil lena linn freisin.
Nithe atá riachtanach don phost seo:
Daoine a bhfuil Gaeilge labhartha agus scríofa den scoth acu, a bhfuil suim acu sna hardáin meán sóisialta agus a bhfuil taithí acu ar na hardáin sin atá á lorg.
Beifear ag súil go mbeidh scileanna taighde agus cumas maith scríofa ag an té a mbronnfar an intéirneacht orthu chomh maith le tuiscint a bheith acu ar céard is scéal mealltach ann.
I measc na ndualgas a bheidh ar an té a cheapfar, beidh:
- Sceideal na meán sóisialta a bhainistiú, a eagrú agus a fhoilsiú.
- Freagracht as tuairiscí reatha a chruthú ó thaobh na hanailíse de.
- Beidh an té a cheapfar ina phointe teagmhála ag an bpobal agus beidh sé de chúram air freagraí a bheidh le tabhairt don phobal ar na hardáin meán sóisialta a chomhordú.
- Beidh teideal agus fotheidil le cruthú d’ábhar ar líne, mar aon le hábhar a chur in oiriúint do na hardáin meán sóisialta.
Gheobhaidh an té a cheapfar taithí chuimsitheach ar bheith ag obair sa réimse reatha léiriúcháin ina ndéantar comhordú ar obair eagarthóireachta agus ar obair foilsitheoireachta ar na hardáin dhigiteacha.
Seol CV, mar aon le do litir iarratas chuig cv@tg4.ie.
An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: 4pm Déardaoin an 25 Meitheamh 2026
Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4. I gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann a bheidh an post seo lonnaithe.
Eolas Breise don Iarratasóir
Grád an Phoist: Grád Intéirn
Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Táthar ag súil, mar gheall ar riachtanais an phoist, go mbeifeá solúbtha ó am go ham, i.e. go mbeifeá sásta, scaití, oibriú lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.
Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.
Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.
Taisteal: Beidh taisteal in Éirinn i gceist ó am go ham mar chuid den ról.
Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:
- Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
- Saoire Staidéir agus Scrúduithe
- Táillí Ballraíochta Gairmiúla
- Pinsean Ranníocach
- An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
- An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre