Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Traenáil & Forbairt

An Acadamh Náisiúnta Tallainne

Passport to Production – Gaillimh

 
Dáta Tosaigh: Meitheamh

Fad: 5 lá, 9r.n. – 6i.n.

Costas: Saor in Aisce

Láthair: Gaillimh

Teagascóir: Juliette Bonass agus Pippa Robertson
 

Próifíl an chúrsa: Tá an clár seo á reachtáil ag An Acadamh Náisiúnta Tallainne: Criú Scannánaíochta & Teilifíse Acadamh an Iarthair. Tá sé mar phríomhchlár ag Fís Éireann agus aithníonn Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath anois é mar chlár creidiúintí leibhéal 6 QQI 10 ECTS.
 

Tá sé mar aidhm ag Passport to Production ionadaíocht níos leithne a chruthú sa tionscal scáileán cruthaitheach. Tá Fís Éireann ag iarraidh iarrthóirí nua ó ghrúpaí ilghnéitheacha atá faoi ghannionadaíocht a spreagadh chun cur isteach air, tríd na hacadaimh criú nuabhunaithe.
 

Le hobair san earnáil scannán agus teilifíse mar iarrthóir nua, beidh réimse éagsúil scileanna ag teastáil uait le bheith réidh le dul ar seit.
 

Tá an cúrsa 5 lá seo mar bhealach isteach sa tionscal scannán agus teilifíse agus agus cuireann sé tús le turas an iarrthóra ag obair sa tionscal.
 

Tabharfaidh an cúrsa léargas leathan ar na rannóga ar fad agus tabharfaidh sé eolas agus cuid de na scileanna riachtanacha atá ag teastáil le bheith ag obair ar seit d’iarrthóirí nua. Beidh eilimintí praiticiúla le linn an chúrsa a bheidh mar chuid de chur chuige hibrideach, ina mbeidh gníomhaíochtaí i ngrúpaí, saineolaithe tionscail agus cás-staidéir. I measc na heilimintí tábhachtacha eile den gcúrsa tá Sláinte agus Sábháilteacht, béasa seite, briseadh síos scripte, féin-bhainistíocht agus scileanna boga sa tionscal. Léiríonn aiseolas tionscal idirnáisiúnta agus náisiúnta go bhfuil gá le scileanna don todhchaí ar nós réiteach fadhbanna, smaointeoireacht oiriúnaitheach, comhoibriú cruthaitheach agus éirim mhothúchánach.
 

Cuirfear an fhoghlaim riachtanach ón gcúrsa i bhfeidhm ar shocrúchán oibre íoctha trí seachtaine.
 

Stiúrthaigh agus tabharfaidh saineolaithe tionscail agus smaointeoirí deartha an cúrsa, agus beidh teagascóirí, cainteoirí speisialta agus painéalaithe ina measc.
 

Beidh ar gach foghlaimeoir freastal ar gach lá den gcúrsa 5 lá agus an socrúchán oibre íoctha trí seachtaine.
 

Le haghaidh Tuilleadh Eolas, téigh chuig: https://www.nationaltalentacademies.ie/courses-activities-programmes/crew-academy-west-passport-to-production-gaillimh