Skip to main content
< back to TG4.ie

Vacancies

 

 
 


Dlíodóir

Conradh Buan
 

Is mian le TG4 Dlíodóir lánaimseartha a earcú ar bhonn buan i Rannóg Dlí TG4.

Is craoltóir náisiúnta teilifíse Gaeilge é TG4 atá lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Tá ábhar TG4 ar fáil ar gach ardán teilifíse ar fud na hÉireann, ar fud an domhain ar an idirlíon agus ar ardáin dhigiteacha. Is craoltóir-foilsitheoir seirbhíse poiblí é TG4 a fhaigheann formhór a ábhair ó earnáil na léiritheoirí neamhspleácha, ábhar a bhfuil duaiseanna agus gradaim go leor buaite aige. Is corparáid phoiblí chraolacháin é TG4 faoin Acht Craolacháin, 2009 a bhunaigh an Rialtas agus atá á maoiniú ag an Rialtas.

Fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déantar iarratais incháilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá meon dearfach ag TG4 i leith na hÉagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu. Tacaíonn TG4 le daoine faoi mhíchumas a fhostú.
 

Ról
Ag freagairt don Stiúrthóir Dlí beidh an té a cheapfar freagrach as conarthaí agus as cáipéisíocht a chuir i gcríoch agus as comhairle dlí a thabairt do TG4.

I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, gan bheith teoranta dóibh, beidh;

  • Conarthaí a dhréachtú i mBéarla, idirbheartaíocht a dhéanamh ina leith agus iad a thabhairt chun críche; conarthaí ceannacháin, conarthaí soláthair, conarthaí tráchtála, conarthaí teicniúla agus conarthaí eile ina measc.
  • Conarthaí coimisiúnaithe a dhréachtú i nGaeilge a bheidh bunaithe ar theimpléad atá dréachtaithe cheana féin ag an bhfoireann sa Rannóg Dlí
  • Comhairle dlí a thabhairt don eagraíocht lena n-áirítear comhairle i ndáil le saincheisteanna soláthair, conarthaí tráchtála, ceisteanna faoi chúrsaí craolacháin agus faoi chomhlíonadh ábhair
  • Cáipéisí treorach a dhréachtú
  • I ndiaidh tréimhse ghearr traenála, athbhreithniú a dhéanamh ar ábhar a léirítear sa teach sula gcraoltar é
  • Idirbheartaíocht a dhéanamh thar ceann TG4 le heagraíochtaí seachtracha
  • Aon fhreagrachtaí réasúnta eile a mheasann an Stiúrthóir Dlí nó an t-Ard Stiúrthóir bunaithe ar riachtanais an ghnó.

Tabhair ar aird: Is treoir atá sa sainchuntas poist seo maidir le réimsí éagsúla freagrachta agus cuntasachta agus níor cheart breathnú air mar liosta cuimsitheach. D’fhéadfadh an sainchuntas poist a bheith faoi réir athbhreithnithe i bhfianaise struchtúir nua agus / nó athrú a bheith ag teacht ar riachtanais TG4.

Bíonn tionscal na teilifíse ag síorathrú. Glacann TG4 go fonnmhar leis na hathruithe seo agus athróidh an comhlacht agus dualgais na foirne dá réir.
 

Nithe atá riachtanach don phost seo:

  • A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm
  • A bheith cáilithe mar aturnae i bPoblacht na hÉireann
  • Taithí 3 bhliain ar a laghad i ndiaidh cáilíocht a bhaint amach
  • Sárscileanna dréachtaithe agus pointeáilteacht
  • Sárscileanna réitigh fadhbanna
  • Tusicint ar dhlí na meán
  • Eolas ar fhreagrachtaí an chraoltóra phoiblí maidir le hábhar
  • Ábalta feidhmiú go muiníneach, éifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil
  • Meon dearfach i leith na hoibre agus na Gaeilge agus ábalta oibriú mar chuid d’fhoireann
  • Ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh
  • Scileanna iontacha idirphearsanta chomh maith le cumas deachaidrimh ghairmiúla a bhunú laistigh den eagraíocht agus lasmuigh di
  • Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa
  • Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4, tá sé riachtanach go mbeifeá sásta í a fhoghlaim agus í a labhairt san ionad oibre. Cuirfear oiliúint agus ranganna ar fáil más gá.

Sa Cheannáras i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe atá an post seo. Tá polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm i TG4.

4pm Dé hAoine an 2 Deireadh Fómhair 2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol do CV mar aon le litir iarratais ina léirítear an taithí agus an spéis atá agat sa ról Dlíodóir, chuig cv@tg4.ie

 

Eolas Breise don Iarratasóir

Grád an Phoist:
Grád 4 – EUR57,464.00 -> EUR76,468.00

Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Mar gheall ar riachtanais an phoist, táthar ag súil go mbeifí solúbtha ó am go ham, lena n-áirítear a bheith sásta oibriú, nuair atá gá leis, lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.

Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.

Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.

Taisteal:
Beidh taisteal i gceist ó am go chéile mar chuid den ról, in Éirinn agus thar lear.

Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:

  • Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
  • Saoire Staidéir agus Scrúduithe
  • Táillí Ballraíochta Gairmiúla
  • Pinsean Ranníocach
  • An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre