Press
Cúrsa Oiliúna san Iriseoireacht á reachtáil ag TG4
09.05.25
Tá an cúrsa nua iriseoireachta á chur ar fáil ag TG4 i gcomhar le Gréasán na Meán.
Beidh béim ar oiliúint phraiticiúil iriseoireachta don teilifís agus do na meáin ar líne.
Beidh an cúrsa ar siúl ar feadh coicíse idir an 23ú Meitheamh – 4ú Iúil i gConamara agus beidh áit ar fáil do fiche duine ar an gcúrsa.
Tabharfar oiliúint ar an gcúrsa iriseoireachta ar conas tuairisc nuachta a chur le chéile don teilfís agus do na meáin ar líne. Foghlaim conas scéalta láidre a bhailiú, a fhíosrú agus a scríobh don teilifís agus do na meáin ar líne.
Beidh oiliúint á thabhairt freisin ar conas taighde a dhéanamh, foinsí a dheimhniú agus ar dhlí na meán. Chomh maith leis sin beidh oiliúint ar chruinnscríobh na Gaeilge, scripteáil agus conas altanna nuachta a scríobh don idirlíon agus conas an nuacht a léiriú do na meáin shóisialta.
Tabharfaidh an cúrsa seo na bunscileanna atá de dhíth ar gach iriseoir le go n-éireoidh leo i seomra nuachta an lae inniu.
Is í Grett O’Connor, iar-iriseoir teilifíse le Nuacht TG4 ar feadh fiche bliain a bheidh mar Stiúrthóir an chúrsa. Cháiligh Grett mar chóitseálaí feidhmeannach i 2018, tráth gur fhág sí RTÉ chun a comhlacht féin a bhunú ar a dtugtar ‘My Media’. Ó shin i leith, tá sí ag obair san earnáil cumarsáide – ag léiriú físeán, oiliúint ar na meáin, léachtóireacht páirt-aimseartha agus ó am go chéile bíonn sí mar bhean an tí ag comhdháileacha agus ócáidí poiblí eile.
Tá obair déanta ag Grett do Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, Ollscoil Theicneolaíochta na Mumhan, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí, agus roinnt mhaith des na h-údaráis áitiúla. Chomh maith leis sin, cabhraíonn sí le foirne I gcomhlachtaí príobháideacha agus daoine aonair gur mian leo a gcuid scileanna cumarsáide a fheabhsú.
Le suim a léiriú sa chúrsa, ní mór do Iarrthóirí:
- A bheith os cionn 18 mbliana d’aois.
- A bheith ina gcainteoirí líofa Gaeilge.
- An-spéis a bheith acu sa chumarsáid, i gcúrsaí nuachta agus sna meáin
- A bheith fiosrach, dúthrachtach agus féinspreagtha agus sásta iad féin a thiomnú do chlár oiliúna dian.
Ní gá ach físeán gairid a thaifeadadh díot féin ag míniú an fáth ar mhaith leat freastal ar an gcúrsa iriseoireachta seo.
Seol an físeán chuig noirin.ui.chonghaile@tg4.ie roimh an 29 Bealtaine 2025 ag 4pm
Media Contact in TG4:
Linda Ní Ghríofa | TG4 Communications Editor | linda.ni.ghriofa@tg4.ie