Press
Iriseoirí an Lae Amárach ‘26
Deis do Scoláirí Idirbhliana tabhairt faoi Chúrsa Iriseoireachta
17.11.25

Beidh deis ag scoláirí Idirbhliana tabhairt faoi chúrsa iriseoireachta arís in 2026. Reachtálfaidh TG4, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus Ollscoil na Gaillimhe Cúrsa Iriseoirí an lae amárach i mí Eanáir 2026.
Tá an cúrsa dírithe ar scoláirí in Iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge ar fud na tíre agus deis ag daltaí scoile scileanna iriseoireachta a fhoghlaim ó shaineolaí a bhfuil taithí na mblianta acu ag obair sna meáin chumarsáide.
Ar an lá beidh deis ag na scoláirí na scileanna a fhoghlaim atá de dhíth chun pacáiste MOJO a chur le chéile. Is cúrsa aon lá praiticiúil (agus réamhchúrsa ar líne) é seo ina mbeidh deis ag scoláirí scileanna agallaimh, scileanna ceamara agus scileanna eagarthóireachta a fhoghlaim agus a chleachtadh.
Tá an cúrsa seo urraithe agus COGG agus TG4 ina mbeidh seisiún amháin ar líne agus ansin 4 lá praiticiúla eagraithe timpeall na tíre:
- Dé Máirt 13 Eanáir: réamhchúrsa ar líne (10/11/12 r.n.)
- Dé Máirt 20 Eanáir: The Clanree Hotel, Leitir Ceanainn (10-14:30)
- Déardaoin, 22 Eanáir: Louis Fitzgerald, BÁC (10-14:30)
- Dé Luain, 26 Eanáir: The Rose Hotel, Trá Lí
- Dé Máirt, 27 Eanáir: Connemara Coast Hotel, Gaillimh
Mhairfidh na laetha traenála ó 10:00 go 14:30 ar an láthair.
Iarrtar ar scoileanna áiteanna a chur in áirithe fríd an suíomh https://www.cogg.ie/iriseoiri-an-lae-amarach/ chomh luath agus is féidir chun áiteanna a chinntiú.
Cuirfear acmhainní teagaisc agus foghlama ‘Iriseoirí an Lae Amárach’, ar fáil ar an lá a bheidh mar chúnamh sa seomra ranga agus múinteoirí agus daltaí ag iarraidh iarratas a dhéanamh ar chomórtas Iriseoirí an Lae Amárach 2026.
Dúirt Ardstiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín: “Tá an iriseoireacht Ghaeilge mar bhunchloch lárnach do sheirbhís TG4 agus cuireann muid fáilte roimh an gcúrsa nua seo.”
Agus í ag fáiltiú roimh Iriseoirí an lae amárach, dúirt Príomhfheidhmheannach COGG, Jacqueline Ní Fhearghúsa, “Cuirfidh an cúrsa nua seo gairm na hiriseoireachta faoi bhráid scoláirí na n-iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus cuirfidh sé ar an eolas iad faoi thábhacht iriseoireacht ar ardchaighdeán agus na deiseanna atá sna meáin d’iriseoirí le Gaeilge.”
Is é Dé hAoine, 28 Samhain 2025 an spriocdháta do scoileanna le clárú le haghaidh Iriseoirí an Lae Amárach.
Is féidir le scoileanna clárú ag: https://www.cogg.ie/iriseoiri-an-lae-amarach/