D'fhreastail na mílte ar shochraid an Phápa Proinsias a reachtáladh os comhair Bhaisleac Pheadair, i gCearnóg Naomh Peadar sa Róimh ar maidin.

Deir an Vatacáin go raibh os cionn 400,000 duine i láthair do sheirbhís na sochraide i gCearnóg Naomh Peadar agus ar shráideanna na Róimhe.







Bhí ceannairí domhanda i measc na mílte a bhí i láthair do shochraid an Phápa, ina measc Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump agus Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky.






Bhí Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins, An Taoiseach Micheál Martin agus an Tánaiste Simon Harris i measc na dtoscairí a bhí i láthair ar son na hÉireann.

An Cairdinéal Giovanni Battista Re ón Iodáil, Déan Choláiste na gCairdinéal a bhí i mbun seirbhís na sochraide i gcathair na Vatacáine ar maidin.

Ina aitheasc, dúirt an Cairdinéal Giovanni Battista Re atá 91 bliain d'aois gur ''Pápa na ndaoine, le croí oscailte'' a bhí sa Phápa Proinsias.
Dúirt sé gur oibrigh an Pápa ar son na mbochtán. Luaigh sé an chuairt a thug an Pápa ar oileán Lampedusa i ndeisceart na hIodáile ag rá gur cuairt shuntasach a bhí ann.

Dúirt an Cairdinéal gur duine an-ghnaíúil a bhí sa Phápa Proinsias a raibh comhbhá agus tuiscint dhomhain aige ar dhúshláin an lae inniu.

Luaigh an Cairdinéal Battista Re an achainí a rinne an Pápa Proinsias ar dhaoine chun ''droichid a thógáil agus ní ballaí'' agus an labhair sé freisin faoin gcomhbhá a bhí aige d'imircigh.

Bhí na sluaite amuigh ar dhá thaobh na sráide agus cónra an Phápa á thabhairt ó Bhaisleac Pheadair 5.5 ciliméadar trí shráideanna na Róimhe chomh fada le Baisleac Santa Maria Maggiore áit ar cuireadh i dtuama marmair é.


Ba é an Pápa Proinsias an chéad Phápa ón bPápa Leo XIII a bhásaigh i 1903 le bheith curtha taobh amuigh den Vatacáin. Searmanas príobháideach a bhí ann i mBaisleac Santa Maria Maggiore.
D'imigh an Pápa Proinsias ar shlí na fírinne Luan Cásca. Bhí sé 88 bliain d'aois.
