Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Na mílte míle i láthair do shochraid an Phápa Proinsias sa Róimh

26 AIBREÁN 2025, 17:03

Deir an Vatacáin go raibh tuairim is 400,000 duine i láthair do shochraid an Phápa Proinsias i gCearnóg Naomh Peadar agus ar shráideanna na Róimhe ar maidin
X Facebook

D'fhreastail na mílte ar shochraid an Phápa Proinsias a reachtáladh os comhair Bhaisleac Pheadair, i gCearnóg Naomh Peadar sa Róimh ar maidin.

Deir an Vatacáin go raibh os cionn 400,000 duine i láthair do sheirbhís na sochraide i gCearnóg Naomh Peadar agus ar shráideanna na Róimhe.

Na sluaite sa Róimh
Creidmhigh sa Vatacáin don shochraid an Phápa

Bhí ceannairí domhanda i measc na mílte a bhí i láthair do shochraid an Phápa, ina measc Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump agus Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky.

Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump agus a bhean chéile Melania

Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky

Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron

Prionsa William na Breataine Bige

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula Von der Leyen

Bhí Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins, An Taoiseach Micheál Martin agus an Tánaiste Simon Harris i measc na dtoscairí a bhí i láthair ar son na hÉireann.

Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins agus a bhean chéile Sabina

An Cairdinéal Giovanni Battista Re ón Iodáil, Déan Choláiste na gCairdinéal a bhí i mbun seirbhís na sochraide i gcathair na Vatacáine ar maidin.

An Cairdinéal Giovanni Battista Re, Déan Choláiste na gCairdinéal

Ina aitheasc, dúirt an Cairdinéal Giovanni Battista Re atá 91 bliain d'aois gur ''Pápa na ndaoine, le croí oscailte'' a bhí sa Phápa Proinsias.

Dúirt sé gur oibrigh an Pápa ar son na mbochtán. Luaigh sé an chuairt a thug an Pápa ar oileán Lampedusa i ndeisceart na hIodáile ag rá gur cuairt shuntasach a bhí ann.

Dúirt an Cairdinéal gur duine an-ghnaíúil a bhí sa Phápa Proinsias a raibh comhbhá agus tuiscint dhomhain aige ar dhúshláin an lae inniu.

Luaigh an Cairdinéal Battista Re an achainí a rinne an Pápa Proinsias ar dhaoine chun ''droichid a thógáil agus ní ballaí'' agus an labhair sé freisin faoin gcomhbhá a bhí aige d'imircigh.

Bhí na sluaite amuigh ar dhá thaobh na sráide agus cónra an Phápa á thabhairt ó Bhaisleac Pheadair 5.5 ciliméadar trí shráideanna na Róimhe chomh fada le Baisleac Santa Maria Maggiore áit ar cuireadh i dtuama marmair é.

Cónra an Phápa Proinsias á thabhairt go Baisleac Santa Maria Maggiore

Na sluaite ar shráideanna na Róimhe

Ba é an Pápa Proinsias an chéad Phápa ón bPápa Leo XIII a bhásaigh i 1903 le bheith curtha taobh amuigh den Vatacáin. Searmanas príobháideach a bhí ann i mBaisleac Santa Maria Maggiore.

D'imigh an Pápa Proinsias ar shlí na fírinne Luan Cásca. Bhí sé 88 bliain d'aois.

An Pápa Proinsias a bhásaigh Luan Cásca