Ní raibh an cluiche craoibhe iomána idir Corcaigh agus Tiobraid Árann fiú tosaithe sular cuireadh fear den pháirc.
Bhronn an réiteoir, Johnny Murphy cárta dearg láithreach bonn ar Darren McCarthy ó Thiobraid Árann.
Bhí McCarthy i ngleic leis an gCorcaíoch Seán O'Donoghue agus dá bharr bhí na Tiobradaigh taobh le 14 fear i gcaitheamh an chluiche seo.
4-27 (39 pointe) le 0-24 a bhí ann ar deiridh i bhfábhar na gCorcaíoch.
Declan Dalton a fuair an 4ú cúl sa dara leath.
Fuair Dalton 1-06 ar fad, fuair Patrick Horgan 1-07 do fhoireann Chorcaí.
3-13 le 0-12 i bhfábhar Chorcaí a bhí ann ag leath-am, cúl breá faighte ag Tim O'Mahoney agus gan an cluiche i bhfad tosaithe.

Tháinig an dara cúl ó Patrick Horgan, an triú ceann ó Alan Connolly.
Scóráil Corcaigh 3-11 ar fad ón imirt sa chéad leath.
Chaill Sean O'Farrell an-deis ar chúl ach dhein Patrick Collins,cúl-báire Chorcaí an-sábháilt.
Gortaíodh fear Chorcaí,Robert Downey sa chéad leath agus tá seisean anois ar an mbínse.
Thosaigh Corcaigh ar luas lasrach i gcoinne an Chláir an Domhnach seo caite.

3 seachtainí ó shin bhí bua maith ag Corcaigh ar Thiobraid Árann i gcluiche ceannais Allianz.
Léirigh siad inniu nach fás aon oíche a bhí ansin agus a mhacasamhail déanta acu tráthnóna.
Níos túisce i gCraobh na Mumhan chonacthas seaimpíní uile-Éireann, an Clár buailte go cuimsitheach ag an bhfoireann baile, Port Láirge.
I gCraobh Iomána Laighean inniu, bhuail Cill Chainnigh Aontroim ar deiridh 2-30 le 2-12.
Thug Aontroim an-chluiche do na cait ar feadh i bhfad i mBéal Feirste tráthnóna.