Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Tús callánach i bPáirc Uí Chaoimh

27 AIBREÁN 2025, 16:58

Alan Connolly leis an 3ú cúl do Chorcaigh
X Facebook

Ní raibh an cluiche craoibhe iomána idir Corcaigh agus Tiobraid Árann fiú tosaithe sular cuireadh fear den pháirc.

Bhronn an réiteoir, Johnny Murphy cárta dearg láithreach bonn ar Darren McCarthy ó Thiobraid Árann.

Bhí McCarthy i ngleic leis an gCorcaíoch Seán O'Donoghue agus dá bharr bhí na Tiobradaigh taobh le 14 fear i gcaitheamh an chluiche seo.

4-27 (39 pointe) le 0-24 a bhí ann ar deiridh i bhfábhar na gCorcaíoch.

Declan Dalton a fuair an 4ú cúl sa dara leath.

Fuair Dalton 1-06 ar fad, fuair Patrick Horgan 1-07 do fhoireann Chorcaí.

3-13 le 0-12 i bhfábhar Chorcaí a bhí ann ag leath-am, cúl breá faighte ag Tim O'Mahoney agus gan an cluiche i bhfad tosaithe.

Corcaigh ró-mhaith do Thiobraid Árann

Tháinig an dara cúl ó Patrick Horgan, an triú ceann ó Alan Connolly.

Scóráil Corcaigh 3-11 ar fad ón imirt sa chéad leath.

Chaill Sean O'Farrell an-deis ar chúl ach dhein Patrick Collins,cúl-báire Chorcaí an-sábháilt.

Gortaíodh fear Chorcaí,Robert Downey sa chéad leath agus tá seisean anois ar an mbínse.

Thosaigh Corcaigh ar luas lasrach i gcoinne an Chláir an Domhnach seo caite.

Port Láirge buacach i bPáirc an Bhreathnaigh

3 seachtainí ó shin bhí bua maith ag Corcaigh ar Thiobraid Árann i gcluiche ceannais Allianz.

Léirigh siad inniu nach fás aon oíche a bhí ansin agus a mhacasamhail déanta acu tráthnóna.

Níos túisce i gCraobh na Mumhan chonacthas seaimpíní uile-Éireann, an Clár buailte go cuimsitheach ag an bhfoireann baile, Port Láirge.

I gCraobh Iomána Laighean inniu, bhuail Cill Chainnigh Aontroim ar deiridh 2-30 le 2-12.

Thug Aontroim an-chluiche do na cait ar feadh i bhfad i mBéal Feirste tráthnóna.