Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Achainí poiblí déanta ag clann Michael Gaine

30 APRIL 2025, 17:32

Janice Gaine, bean chéile Mhichael Gaine agus Noreen O' Regan, deirfiúr Mhichael Gaine
X Facebook

Tá achainí poiblí déanta ag clann Michael Gaine atá ar iarraidh i gCiarraí le nach mór 6 seachtaine.

Deir a bhean chéile Janice Gaine go bhfuil siad ag iarraidh ar Mhichael teacht abhaile. ''Ba mhaith linn a bheith ar an eolas faoi cad a tharla do, mar muna bhfuilimíd in ann teacht ar Mhichael, níl a fhios agam cad a dhéanfaidh mé'' a dúirt Janice Gaine.

Janice Gaine, bean chéile Mhichael Gaine

Dúirt sí gurb é Michael a cara is fearr, a fear céile agus go bhfuil an rud ar fad uafásach. Dúirt sí gur thaithin an baile go mór leis, a fheirm agus a chuid ainmhithe.

Dúirt Janice Gaine go raibh an-chuid cairde ag Michael Gaine agus go raibh daoine an-cheanúil air. Dúirt sí nach bhfuil sé seo ar nós a fir céile agus go raibh sé sin ar eolas acu ón gcéad lá go ndeachaigh sé ar iarraidh.

Aréir, thug Gardaí le fios gur fiosrúchán dúnbhásaithe atá ar bun acu anois maidir leis an bhfeirmeoir atá ar iarraidh ó 21 Márta.

Fachtas Michael Gaine go deireanach sa Neidín i gContae Chiarraí ar an 20 Márta, áit gur cheannaigh sé creidmheas dá ghuthán póca sa siopa áitiúil Centra ar an mbaile.

Fuarthas a ghluaisteán, Toyota RAV4, ina chlos feirme an lá dár gcionn.

Tá cuardach ollmhór ar bun do Mhichael Gaine le 5 seachtaine anois ach níl tásc na tuairisc air ó shin.

Tá nach mór 130 finné i ndiaidh ráiteas a thabhairt do na Gardaí mar chuid den bhfiosrúchán.

Tá Gardaí tar éis breathnú ar thart ar 2,200 uair an chloig do CCTV agus físeáin ó cheamaraí daise.

Tá na Gardaí ag achainí arís eile ar eolas ón bpobal agus ó éinne a d'fhéadfadh cabhrú chun Michael a thabhairt ar ais dá mhuintir.

Deir Gardaí go bhfuil daoine ann atá ar an eolas faoi cad a tharla do Mhichael Gaine agus táthar ag achainí orthu siúd teacht chun cinn.

Táthar ag impí ar aon duine le heolas ar bith teagmháil a dhéanamh le stáisiún na nGardaí i gCill Airne ar 064-6671160 nó le líne rúnda an Gharda Síochána 1800 666111 nó le stáisiún Gardaí ar bith.