Tá sé tugtha le fios ag Gardaí go bhfuil fiosrúchán dúnmharaithe ar bun acu anois maidir leis an bhfeirmeoir Michael Gaine ó Chontae Chiarraí atá ar iarraidh ó 21 Márta.
Fachtas Michael Gaine go deireanach sa Neidín i gContae Chiarraí ar an 20 Márta, áit gur cheannaigh sé creidmheas dá ghuthán póca sa siopa áitiúil Centra ar an mbaile.

Fuarthas a ghluaisteán, Toyota RAV4, ina chlos feirme an lá dár gcionn.
Tá cuardach ollmhór ar bun do Mhichael Gaine le 5 seachtaine anois agus tá fiosruchán oifigiúil coiriúil ar bun.

Tá nach mór 130 finné i ndiaidh ráiteas a thabhairt do na Gardaí mar chuid den bhfiosrúchán.
Tá Gardaí tar éis breathnú ar thart ar 2,200 uair an chloig do CCTV agus físeáin ó cheamaraí daise.

Tá na Gardaí ag achainí ar eolas ón bpobal agus ó éinne a d'fhéadfadh cabhrú chun Michael a thabhairt ar ais dá mhuintir.
Deir Gardaí go bhfuil daoine ann atá ar an eolas faoi cad a tharla do Mhichael Gaine agus táthar ag achainí orthu siúd teacht chun cinn.
Táthar ag impí ar aon duine le heolas ar bith teagmháil a dhéanamh le stáisiún na nGardaí i gCill Airne ar 064-6671160 nó le líne rúnda an Gharda Síochána 1800 666111 nó le stáisiún Gardaí ar bith.