Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Lánuin scothaosta faighte marbh i dteach i gCorcaigh

01 JULY 2025, 11:29

Scrúdú teicniúil á dhéanamh ag na Gardaí ar an teach sa Ghleanntán
X Facebook

Fuarthas lánúin phósta marbh ina dteach cónaithe i gCo Chorcaí tráthnóna inné.

Sna hochtóidí a bhí an fear agus an bhean a bhfuair comharsa leo a gcoirp ag bun an staighre sa teach sraithe sa Ghleanntán, seacht gciliméadar soir ó chathair Chorcaí.

Ní léir fós cad ba thrúig bháis don bheirt ach deir na Gardaí nach measann siad gur feillbheart a bhí i gceist.

Tá scrúdú teicniúil á dhéanamh ar an teach inniu agus tá scrúduithe iarbháis le déanamh ar choirp na lánúine in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh, níos deireanaí.

Deir na Gardaí go mbunóidh siad a bhfiosrúchán ar thorthaí na scrúduithe iarbháis.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ