Fuarthas lánúin phósta marbh ina dteach cónaithe i gCo Chorcaí tráthnóna inné.
Sna hochtóidí a bhí an fear agus an bhean a bhfuair comharsa leo a gcoirp ag bun an staighre sa teach sraithe sa Ghleanntán, seacht gciliméadar soir ó chathair Chorcaí.
Ní léir fós cad ba thrúig bháis don bheirt ach deir na Gardaí nach measann siad gur feillbheart a bhí i gceist.
Tá scrúdú teicniúil á dhéanamh ar an teach inniu agus tá scrúduithe iarbháis le déanamh ar choirp na lánúine in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh, níos deireanaí.
Deir na Gardaí go mbunóidh siad a bhfiosrúchán ar thorthaí na scrúduithe iarbháis.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ