Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Luach €31 milliún de chócaon faighte in iarthar Chorcaí

01 JULY 2025, 16:49

Bá Chúirt Mhic Shéafraidh i gCo Chorcaí
X Facebook

Tá ceathrar fear gafa ag na Gardaí faoi lear mór drugaí a fuarthas i gCo Chorcaí ar maidin inniu.

Fuarthas luach thart ar €31 milliún de chócaon nuair a stop na Gardaí veain i gceantar Chúirt Mhic Shéafraidh in iarthar an chontae.

Gabhadh beirt fhear sna tríochaidí agus sna daichidí ar an mball agus tá siad faoi choinneáil i stáisiún Gardaí i gCo Chorcaí.

Gbhadh an bheirt fhear eile ar bhád righin inséidte amach ó chósta Phort Láirge.

Sna tríochaidí agus sna daichidí atá an bheirt sin freisin.

I ráiteas, dúirt na Gardaí go raibh oifigigh chustaim, an tSeirbhís Chabhlaigh, an tAerchór agus comhaltaí den Gharda Síochána áitiúil páirteach sa bheart.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ