Tá ceathrar fear gafa ag na Gardaí faoi lear mór drugaí a fuarthas i gCo Chorcaí ar maidin inniu.
Fuarthas luach thart ar €31 milliún de chócaon nuair a stop na Gardaí veain i gceantar Chúirt Mhic Shéafraidh in iarthar an chontae.
Gabhadh beirt fhear sna tríochaidí agus sna daichidí ar an mball agus tá siad faoi choinneáil i stáisiún Gardaí i gCo Chorcaí.
Gbhadh an bheirt fhear eile ar bhád righin inséidte amach ó chósta Phort Láirge.
Sna tríochaidí agus sna daichidí atá an bheirt sin freisin.
I ráiteas, dúirt na Gardaí go raibh oifigigh chustaim, an tSeirbhís Chabhlaigh, an tAerchór agus comhaltaí den Gharda Síochána áitiúil páirteach sa bheart.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ