Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Buachaill sna déaga marbh i dtimpiste i gCiarraí

02 JULY 2025, 20:18

Radharc bhreá a mheall tragóid;Pas an Chonair i gCiarraí
X Facebook

Is é Darragh Byrnes an buachaill sna déaga a maraíodh de bharr timpiste thragóideach inné i gCo.Chiarraí.

Tuigtear gur gortaíodh go dona é nuair a thit sé ó ardán os cionn easa i nGaeltacht Chorca Dhuibhne in iarthuaisceart an chontae.

Bhásaigh Darragh Byrnes (16) go gairid ina dhiaidh sin.

Tharla an eachtra thragóideach lámh le Loch an Pheidléara i bPas an Chonair lasmuigh de bhaile mór an Daingin thart ar 3.30 i.n inné.

Cuirfear scrúdú iarbháis san ospidéal ar chorp an bhuachalla sna laethanta romhainn.

Ba ón Rath i dtuaisceart Cho.Chorcaí an té a bhásaigh agus bhí sé ar cuairt sa cheantar lena thuismitheoirí ag an am.