Is é Darragh Byrnes an buachaill sna déaga a maraíodh de bharr timpiste thragóideach inné i gCo.Chiarraí.
Tuigtear gur gortaíodh go dona é nuair a thit sé ó ardán os cionn easa i nGaeltacht Chorca Dhuibhne in iarthuaisceart an chontae.
Bhásaigh Darragh Byrnes (16) go gairid ina dhiaidh sin.
Tharla an eachtra thragóideach lámh le Loch an Pheidléara i bPas an Chonair lasmuigh de bhaile mór an Daingin thart ar 3.30 i.n inné.
Cuirfear scrúdú iarbháis san ospidéal ar chorp an bhuachalla sna laethanta romhainn.
Ba ón Rath i dtuaisceart Cho.Chorcaí an té a bhásaigh agus bhí sé ar cuairt sa cheantar lena thuismitheoirí ag an am.