Tá an Bráthair Kevin Crowley, a bhunaigh Ionad Lae na gCaipisíneach i mBaile Átha Cliath, tar éis bháis.
Bhí sé 90 bliain d'aois.
Dúirt an tUachtarán Michael D. Higgins go mba iontach go deo an cuidiú a thug an Bráthair Crowley do dhaoine sa bpríomhchathair.
Ba i 1969 a bhunaigh sé Ionad Lae na gCaipisíneach ar Shráid Bowes i mBaile Átha Cliath.
Chuir an t-ionad béilí te, éadaí agus citheanna folctha ar fáil do dhaoine gan dídean agus ar an ngannchuid.

Thug an Pápa Proinsias cuairt ar an ionad le linn a chuairte ar Éirinn i Lúnasa 2018.
D'fhill an Bráthair Kevin ar a chontae dúchais, Corcaigh i 2022 agus b'ann a bhásaigh sé ar maidin.