Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An Bráthair Kevin Crowley tar éis bháis

02 IÚIL 2025, 14:23

An Bráthair Kevin Crowley
X Facebook

Tá an Bráthair Kevin Crowley, a bhunaigh Ionad Lae na gCaipisíneach i mBaile Átha Cliath, tar éis bháis.

Bhí sé 90 bliain d'aois.

Dúirt an tUachtarán Michael D. Higgins go mba iontach go deo an cuidiú a thug an Bráthair Crowley do dhaoine sa bpríomhchathair.

Ba i 1969 a bhunaigh sé Ionad Lae na gCaipisíneach ar Shráid Bowes i mBaile Átha Cliath.

Chuir an t-ionad béilí te, éadaí agus citheanna folctha ar fáil do dhaoine gan dídean agus ar an ngannchuid.

An Bráthair Crowley i dteannta an Phápa

Thug an Pápa Proinsias cuairt ar an ionad le linn a chuairte ar Éirinn i Lúnasa 2018.

D'fhill an Bráthair Kevin ar a chontae dúchais, Corcaigh i 2022 agus b'ann a bhásaigh sé ar maidin.