Maraíodh buachaill aon bhliain déag d'aois nuair a bhuail gluaisteán é i bPort an Pheire i gCo an Dúin aréir.
Bhí an buachaill ar scútar i gceantar na Trá ar an mbaile sin nuair a buaileadh é.
Níor stop an gluaisteán ar an láthair ach ghabh na póiliní fear 51 bliain d'aois ina dhiaidh sin.
Dúnadh an bóthar fad is a bhí scrúdú teicniúil á dhéanamh ar láthair na tubaiste ag na póilíní ach tá sé oscailte arís ó shin.
Aon duine a chonaic ar tharla nó a mbeadh aon eolas ábhartha eile acu, tá na póiíiní ag iarraidh orthu teacht chun cainte leo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ