Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Buachaill 11 bliain maraithe i dtimpiste bóthair i gCo an Dúin

09 IÚIL 2025, 15:03

Fear 51 bliain d'aois á cheistiú ag póilíní faoi thubaiste bóthair i gCo an Dúin
X Facebook

Maraíodh buachaill aon bhliain déag d'aois nuair a bhuail gluaisteán é i bPort an Pheire i gCo an Dúin aréir.

Bhí an buachaill ar scútar i gceantar na Trá ar an mbaile sin nuair a buaileadh é.

Níor stop an gluaisteán ar an láthair ach ghabh na póiliní fear 51 bliain d'aois ina dhiaidh sin.

Dúnadh an bóthar fad is a bhí scrúdú teicniúil á dhéanamh ar láthair na tubaiste ag na póilíní ach tá sé oscailte arís ó shin.

Aon duine a chonaic ar tharla nó a mbeadh aon eolas ábhartha eile acu, tá na póiíiní ag iarraidh orthu teacht chun cainte leo.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ