Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Céim 6 den Tour de France buaite ag an Éireannach Ben Healy

10 JULY 2025, 17:00

Gáir áthais á ligean ag Ben Healy ag an gceann cúrsa sa Normainn inniu
X Facebook

Tá an rothaí Éireannach Ben Healy tar éis céim den Tour de France a bhuachan den chéad uair.

201.5 ciliméadar ar fhad a bhí an séú céim den rás cáiliúil idir Bayeux agus Vire Normandie sa Normainn ach níor mhairg ar bith é sin don rothaí miotalach, de réir dealraimh.

Níor bhuaigh ach seisear Éireannach eile céim den Tour de France riamh roimhe seo, mar atá, Shay Elliott, Seán Kelly, Stephen Roche, Martin Earley, Dan Martin agus Sam Bennett.

Éireannach eile, Eddie Dunbar, tháinig seisean sa cheathrú háit sa Normainn inniu.

Tá Ben Healy san ochtú háit sa rás iomlán anois agus tá Eddie Dunbar 29ú háit.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ