Tá an rothaí Éireannach Ben Healy tar éis céim den Tour de France a bhuachan den chéad uair.
201.5 ciliméadar ar fhad a bhí an séú céim den rás cáiliúil idir Bayeux agus Vire Normandie sa Normainn ach níor mhairg ar bith é sin don rothaí miotalach, de réir dealraimh.
Níor bhuaigh ach seisear Éireannach eile céim den Tour de France riamh roimhe seo, mar atá, Shay Elliott, Seán Kelly, Stephen Roche, Martin Earley, Dan Martin agus Sam Bennett.
Éireannach eile, Eddie Dunbar, tháinig seisean sa cheathrú háit sa Normainn inniu.
Tá Ben Healy san ochtú háit sa rás iomlán anois agus tá Eddie Dunbar 29ú háit.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ