Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

PSNI ag rá gur coirloscadh a bhí san ionsaí ar chumann CLG

14 JULY 2025, 13:24

Damáiste déanta de chumann CLG i mBéal Feirste
X Facebook

Coirloscadh a bhí san eachtra ina bhfacthas droch-dhamáiste déanta do láthair de chuid Chumann Lúthchleas Gael i mBéal Feirste i rith an deireadh seachtaine.

Sin a deir na póilíní ó thuaidh atá ag fiosrú na baile a fágadh ar fhoirgneamh le Cumann na Láimhe Deirge in Iarthar Bhéal Feirste.

Deir an PSNI gurbh amhlaidh a cuireadh trí thine tráthnóna Dé Sathairn an seid seo i mBaile Haine a bhíodh ag feidhmiú mar shiopa agus mar fhearas scórála.

I ráiteas ón gcumann deir sé nach gcuirfidh sé seo as dá chuid iarrachtaí imeachtaí a chur ar fáil don óige ansin i gcónaí.

Deir sé freisin áfach gur mór an díol imní dó an cineál seo loitiméarachta ag an am a dteastaíonn áiseanna dá léithid sa cheantar.