Coirloscadh a bhí san eachtra ina bhfacthas droch-dhamáiste déanta do láthair de chuid Chumann Lúthchleas Gael i mBéal Feirste i rith an deireadh seachtaine.
Sin a deir na póilíní ó thuaidh atá ag fiosrú na baile a fágadh ar fhoirgneamh le Cumann na Láimhe Deirge in Iarthar Bhéal Feirste.
Deir an PSNI gurbh amhlaidh a cuireadh trí thine tráthnóna Dé Sathairn an seid seo i mBaile Haine a bhíodh ag feidhmiú mar shiopa agus mar fhearas scórála.
I ráiteas ón gcumann deir sé nach gcuirfidh sé seo as dá chuid iarrachtaí imeachtaí a chur ar fáil don óige ansin i gcónaí.
Deir sé freisin áfach gur mór an díol imní dó an cineál seo loitiméarachta ag an am a dteastaíonn áiseanna dá léithid sa cheantar.