Maraíodh fear sna daichidí nuair a bhuail an gluaisrothar a bhí sé a mharcaíocht agus leoraí faoina chéile i dtuaisceart Chiarraí ar maidin inniu.
Tharla an tubaiste ar bhóthar an N69 i dTír Chléithe idir Tairbeart agus Lios Tuathail ag thart ar 10 a chlog ar maidin.
Bhásaigh an fear ar an mball.
Tá scrúdú teicniúil á dhéanamh ar láthair na timpiste ag na Gardaí agus tá siad ag achainí ar dhaoine a bhí ag tiomáint sa cheantar ag an am teacht chun cainte leo, go háirithe má tá íomhánna ó cheamara deaise acu.
Fágann an tionóisc is deireanaí gur 106 duine atá maraithe i dtubaistí bóthair sa Stát go nuige seo i mbliana, le hais 111 san achar céanna anuraidh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ