Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear maraithe i dtionóisc bhóthair i gCo Chiarraí

15 LÚNASA 2025, 15:22

Is ar bhóthar an N69 idir Tairbeart agus Lios Tuathail a tharla an tubaiste
X Facebook

Maraíodh fear sna daichidí nuair a bhuail an gluaisrothar a bhí sé a mharcaíocht agus leoraí faoina chéile i dtuaisceart Chiarraí ar maidin inniu.

Tharla an tubaiste ar bhóthar an N69 i dTír Chléithe idir Tairbeart agus Lios Tuathail ag thart ar 10 a chlog ar maidin.

Bhásaigh an fear ar an mball.

Tá scrúdú teicniúil á dhéanamh ar láthair na timpiste ag na Gardaí agus tá siad ag achainí ar dhaoine a bhí ag tiomáint sa cheantar ag an am teacht chun cainte leo, go háirithe má tá íomhánna ó cheamara deaise acu.

Fágann an tionóisc is deireanaí gur 106 duine atá maraithe i dtubaistí bóthair sa Stát go nuige seo i mbliana, le hais 111 san achar céanna anuraidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ