Tá an tAire Airgeadais,Paschal Donohue i ndiaidh a sciar féin de Bhuiséad 2026 a fhógairt tráthnóna.
Seo é ar ndóigh an chéad bhuiséad de chúig cinn má théann an Rialtas seo a théarma iomlán.
I gcomparáid le buiséid eile a tháinig na blianta roimhe seo ní dhéanfar aon íocaíocht aon uaire le dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála, na híocaíochtaí do bhillí leictreachais mar shampla.
Leanfar den chreidmheas cánach do thionóntaí, scéim a tugadh isteach ar bhonn sealadach agus is fiú €1000 é do dhuine singil nó dhá mhíle euro do lánúin.
Tá €5bn caipitil do thithíocht.
Tá Cáin Breis Luacha ciorraithe ar dhíol árasán nua
Tá an Rialtas ag geallúint cúig billiún euro i gcaipitil chun tithíocht a chur ar fáil.
9% feasta a bheidh ar an gcáin bhreis luacha ar árasáin nua a dhíolfar, in áit 13.5% mar atá anois agus
Beidh cáin á tabhairt isteach ar fhoirgintí agus ar réadmhaoin atá tréigthe.
Tá ardú 65c go €14.15 ón 1Eanáir 2026 agus beidh sé i bhfeidhm do dhaoine os cionn 20 bliain d'aois.
Leasófar rátaí an mhuirir sóisialta uilíoch agus PRSI dá réir le nach mbeidh daoine thíos leis an ardú.
Tá an Cháin Bhreis Luacha le n-ísliú ó 13.5% go dtí 9%.
Ní thiocfaidh seo i bhfeidhm go dtí Iúil 2026 agus tiocfaidh bialanna,siopaí caifé agus ionaid bia mear san áireamh freisin.
Ní bhainfidh sé seo le lóistín, ach beidh sé i bhfeidhm freisin do ghruaigeadóirí.
Tá ardú ar an gcáin charbóin go €71 sa tonna.
Tiocfaidh sé seo i bhfeidhm ar bhreosla gluaisteáin anocht agus ar gach breosla eile ó Bhealtaine 2026.
Maidir le Coimirce Sóisialta tá ardú €10 sa tseachtain ar bhunrátaí.
Beidh cúramóirí in ann €1000 a thuilleamh sa tseachtain sula mbeidh scrúdú maoine ann don liúntas cúramóirí.
Beidh ardú €8 ar an íocaíocht Tacaíochta Leanaí do ghasúir faoi 12.
Fostófar 850 múinteoir nua riachtanas speisialta ar fud na tíre, chomh maith le 1,700 cúntóir riachtanas speisialta nua.
Beidh táillí triú leibhéil €500 níos lú an bhliain seo chugainn, ach fós níos airde na 2024.
Maidir le Gaeilge agus Gaeltacht tá€5.4m breise ceadaithe do TG4, sin €65.4m san iomlán.
Tá caipitil €11.5m curtha i leataobh do na hoileáin.
Tá €12m caipitil do shaoráidí Gaeilge agus Cultúir.
Tá 300 fostaí breise á gcur i leataobh do na seirbhísí meabhairshláinte.
Tá 100 cliniceoirí breise do ghéarchéimeanna sláinte.
Cuirfear béim ar thacaíocht géarchéime agus féinmharaithe.