Aon bhuntáiste a bheidh le fáil ag oibrithe ar mheánioncam don bhuiséad seo, beidh sé teoranta go maith.
Sin ceann de na príomhleidí atá againn maidir le Buiséad 2026 a bheidh á fhógairt ag an Rialtas níos deireanaí tráthnóna.
Deir an tAire Airgeadais go ndíreoidh an buiséad seo ar infheistíocht agus fostaíocht.
Ardófar an t-íosphá náisiúnta agus beidh ardú de 10 euro sa tseachtain ar na príomhrátaí leasa shóisialaigh.
Deirtear freisin go laghadófar Cáin Breis Luacha (VAT) ar bhialanna agus ar shiopaí caifé.
Ní thiocfaidh an ciorrú seo i bhfeidhm áfach go dtí mí Iúil seo chugainn.
Tá sé i gceist an cháin a laghdú ar dhíolachán árasáin nua-thógtha le súil is go dtiocfaidh borradh faoi chúrsaí tógála sa réimse sin.
Tuigtear go n-ardófar na liúntais chomh maith do chúramóirí.